‘Léiriú speisialta’ ar na healaíona dúchais ag Féile na Gealaí

 Beidh na céadta Gael ag tarraingt ar Ráth Chairn ghlas na Mí an deireadh seachtaine seo le haghaidh Fhéile na Gealaí – féile mhór Ghaelach an tsamhraidh – agus beidh ócáid speisialta ar siúl tráthnóna Dé Sathairn leis an healaíona dúchais a chur chun cinn i gcomhar le hOireachtas na Gaeilge.

Beidh buaiteoirí Oireachtais ar an ardán sa pheargóla a bheidh ag an mBradán Feasa ag 14.00 tráthnóna Dé Sathairn (10 Meitheamh). Beidh colúnaí de chuid na hirise seo Domhnall Ó Braonáin, a chroch leis Corn na bhFear ag Oireachtas na Samhna 2022, ag amhránaíocht ar an sean-nós ag an ócáid.

In éineacht le Domhnall s’againn féin, beidh Seán Ó Loingsigh ag damhsa ar an sean-nós, Cathal Ó Curráin ag amhránaíocht agus ag ceol, agus Siobhán Ní Mhuimhneacháin agus Maebh Ní Dhuinnín i mbun lúibíní ar an ardán.

Ní fhéadfaí imeacht ealaíon dúchais a reáchtáil i Ráth Chairn gan ceoltóirí cumasacha Ghaeltacht na Mí a tharraingt isteach ann agus beidh an deirfiúr agus deartháir Áine agus Éanna Ó Cróinín i mbun ceoil ann chomh maith le haíonna óga áitiúla Sara, Aoife, agus Katie Ní Chonaill.

Cuirfear tús spleodrach le Féile na Gealaí 2023 tráthnóna Dé hAoine 9 Meitheamh i Ráth Chairn. Is iad Ciarán Mac Donncha le hÉamonn agus Nigel a chuirfidh tús leis an gceol ag 17.30 agus beidh Dris-Óg, Huartan, The Len Collective, Grooveline, agus Valtos uilig ar an ardán mór an chéad oíche. Oíche Dé Sathairn beidh Súp, an Chead Ghlúin Eile, Emma Ní Fhíoruisce, IMLÉ agus Róisín Seoighe, Súil Amháin, Boss Sound Manifesto, agus Pólca 4 i mbun ceoil, agus beidh Club na Féile ar siúl sa Bhradán Feasa an dá oíche.

ticéid fós ar fáil don fhéile – idir thicéid champála agus ticéid lae –  chomh maith le pasanna teaghlaigh.

SCÉALTA EILE