• Cultúr
  • Teic
  • Saol
  • Meáin
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
  • Gradaim NÓS 2021
  • Físeáin NÓS
  • Faoi NÓS
  • Teagmháil
  • Cultúr
    • Ceol
    • Scannáin
    • Leabhair
    • Ardán
    • Dearadh
  • Teic
  • Saol
    • Bia
    • Sláinte
    • Stíl
    • Collaíocht
    • Spórt
  • Meáin
    • Raidió
    • Sóisialta
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
    • Teanga
    • Polaitíocht
    • Comhshaol
  • Físeáin NÓS
  • Fúinn

Share this...
Share on Facebook
Facebook
Pin on Pinterest
Pinterest
Tweet about this on Twitter
Twitter
Share on LinkedIn
Linkedin

NÓS

29ú Lúnasa 2016

Cultúr#féile

    Our Sponsors
      Our Sponsors

      Ligeadh liú
      Agus ligfear arís!


      Cur is cúiteamh, comhluadar, ceol, cóisireacht!

      Is iomaí Gael tuirseach i mBéal Feirste inniu i ndiaidh gur tháinig deireadh spleodrach leis an fhéile Liú Lúnasa le coirm den scoth leis an ghrúpa ceoil Bascach, Garilak26, i dTigh Mhadáin i lár na cathrach.

      Bhunaigh scaifte de dhaoine óga Liú Lúnasa anuraidh, iad spreagtha go mór ag a gcomhaoisigh i dTír na mBascach a mbíonn féilte den chineál chéanna acu.

      Bhí bunphrionsabail na féile le sonrú i ngach ceann de na himeachtaí éagsúla a bhí ar siúl le cúig lá anuas: daonlathas, sóisialachas, cothromaíocht agus tábhacht an phobail.

      Is le sluamhaoiniú a reáchtáladh an fhéile.

      Tháinig cainteoirí chun na Cultúrlainne le labhairt ar réimse ábhar.

      Ina measc bhí Linda Ervine ó Turas, atá ag cur na Gaeilge chun cinn in oirthear Bhéal Feirste, agus Ainle Ó Cairealláin, colúnaí sláinte na hirise seo, a thug léargas spéisiúil ar a fhealsúnacht shainiúil féin ar chúrsaí bia agus aclaíochta.

      Bhí díospóireacht ann faoin cheist “An bhfuil gluaiseacht na Gaeilge a bheith ró-macho?” agus bhí seisiún ann le hionadaithe ón ghrúpa Misneach faoin chur chuige ar leith atá acusan le cearta a bhaint amach do lucht labhartha na Gaeilge.

      Bhí ceird na filíochta mar bhunús le ceardlann leis an reacaire phaiseanta, Séamus Barra Ó Súilleabháin, baineadh gáire groí as an slua ag GaelGÁIRÍ agus is mór an ráchairt a bhí ar an dianchúrsa Gaeilge ar ar fhreastail daoine as áiteanna i gcéin is i gcóngar, an Astráil agus SAM san áireamh.

      Bhí Muileann Mhic Con Midhe drámata draíochta mar shuíomh do cheolchoirmeacha na féile.

      Tháinig ceoltóirí as Iarthar Chorcaí, Ciarraí, Baile Átha Cliath, Conamara, na Beanna Boirche, Doire agus Machaire Rátha le siamsaíocht a chur ar fáil do na sluaite scléipiúla.

      Seo gailearaí grianghraf thuas le tú a spreagadh le haghaidh a thabhairt ar Bhéal Feirste faoi choinne Liú Lúnasa 2017!

      Scéalta Eile

      Briseadh croí do na hiarrthóirí Gaeltachta ag Comórtas Eurosong

      Geallúint tugtha ag iarrthóir Gaeltachta ar Eurosong gur i nGaeilge a chanfaidh sé cuid dá amhrán

      Rianta na Míosa: Eanáirseinnliosta NÓS ar Spotify

      Míorúiltí Naomh Bríd ó ‘Leabhar an Leasa Mhóir’

      Cailleach Nua-Aoise agus a nósanna Féile Brídeagallamh le ‘The Crafty Cailleach’



      Nós

      Is iris chultúir í NÓS a thugann léargas beoga Gaelach ar an saol thart orainn. Tá muid anseo chun spraoi, machnamh agus gníomh a spreagadh.

      Déan. Bris. Léigh.
      • Faoi NÓS
      • Físeáin NÓS
      • Gradaim NÓS 2021
      • Fógraíocht
      • Teagmháil
      • About NÓS
      Teagmháil

      Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
      216 Bóthar na bhFál
      Béal Feirste
      BT12 6AH
      eolas@nos.ie


      cc.white  2021 Rua Media