‘Línte scríte i ngarraí mo smaointe’ – dán nua dianghlasála le Colm Mac Gearailt

Tá dán nua scríofa ag an bhfile Colm Mac Gearailt, a bhfuil gradaim buaite aige dá saothar, faoin saol faoin dianghlasáil.

“Dán nua faoin meon a bhíonn againn i rith na dianghlasála. Tá mé ag súil go n-aithneoidh daoine a bhfíorluach agus maitheas, go háirithe anois agus sinn ag tabhairt aghaidh ar an ndúshlán arís san athbhliain. Ceapaim go mbainfidh daoine sult as an bhfíseán agus le cúnamh Dé, tairbhe as na focail,” a dúirt Colm.

Dúirt sé gur theastaigh uaidh “dearfacht ag deireadh bliain ait” a chur ar fáil lena dhán nua.

Léachtóir ollscoile, aisteoir, agus file is ea Colm ar as contae Chiarraí ó dhúchas é. Bhuaigh sé an príomhdhuais ag comórtas slamfhilíochta Liú Lúnasa in 2019 lena dhán ‘Deor(a)-íocht’.

SCÉALTA EILE