Beidh an fhéile Liú Lúnasa á reáchtáil den séú huair an mhí seo chugainn, ach, fearacht go leor imeachtaí eile, is ar líne a bheidh féile na bliana seo ar siúl.
Dúirt stiúrthóir Chultúrlann MacAdam Ó Fiaich agus clár imeachtaí an ionaid do mhí Iúil agus mí Lúnasa á sheoladh aige go mbeidh an fhéile ar an imeall ar siúl “i dtreo dheireadh mhí Lúnasa” agus go bhfuil “rogha fhairsing imeachtaí beartaithe, a bhéarfaidh uchtach agus pléisiúr do chách”.
I measc na n-imeachtaí sin beidh ceolchoirm a shruthófar beo as amharclann na Cultúrlainne, pléphainéal ar chúrsaí comhshaoil, agus, ar ndóigh, Slam Filíochta Liú Lúnasa — an t-aon chomórtas slam Gaeilge in Éirinn.
Beidh fáilte i mbliana roimh dhaoine “ar fud na cruinne” a n-iarratais a sheoladh isteach chuig lucht na féile, agus craolfar na hiarratais is fearr ar líne ar oíche mhór an chomórtais, an 28 Lúnasa.
Eiseofar tuilleadh sonraí faoin bhféile Liú Lúnasa sna seachtainí amach romhainn.