Liú Lúnasa ag tosú anocht i mBéal Feirste

Cuirfear tús anocht leis an bhféile chultúir Liú Lúnasa in iarthar Bhéal Feirste. Is í an chéad imeacht ar chlár na bliana seo oíche airneáil i dTigh Mhadáin, a bheidh ar siúl anocht ag 9pm, áit a mbeidh scéalta, amhráin agus filíocht á n-aithris ag “daoine as gach cearn den tír”. Cuirfear fáilte roimh an lucht féachana a gcuid féin a rá le linn na hoíche freisin!

Tá clár leathan curtha le chéile ag lucht na féile i mbliana agus an clár sin níos mó ná mar a bhí ó bunaíodh Liú Lúnasa ceithre bliana ó shin. Beidh na himeachtaí ar siúl in ionaid éagsúla ar fud an ‘cheantair Gaeltachta’ in iarthar Bhéal Feirste as seo go ceann cúig lá. 

Beidh an grúpa ceoil Feirsteach KNEECAP ag seinm sa Blackbox mar chuid den fhéile, chomh maith le Emma Ní Fhíoruisce, as Gaoth Dobhair, Lauren Ní Chasaide, as Baile Átha Cliath, agus Síomha, a bheidh ag seinm ag Electric Picnic ag tús na míosa seo chugainn. 

Beidh Sinéad Ní Uallacháin na hirise seo ina bean tí ag comórtas Slam Filíochta a bheidh ar siúl sa gCultúrlann Dé hAoine, agus Séamus Barra, Réaltán Ní Leannáin agus Seán Ó Muireagáin ina moltóirí air.

Beidh dhá phlé painéil ann mar chuid den fhéile freisin, ceann a dhíreoidh ar ‘Phobail Laistigh de Phobal’, ag a mbeidh gníomhaithe Gaelacha ó mhionphobail éagsúla taobh istigh de phobal na Gaeilge. Beidh Cúnla Morris, leispiach neamhdhénártha as BÁC, Ola Majekodunmi, láithreoir ó Raidió na Life a thuill moladh le deireanas dá físeán What does ‘Irishness’ look like?, agus Seán Ó Ceallaigh, gníomhaí aiteach as Béal Feirste ar an bpainéal sin. 

Tráthnóna Dé Sathairn, is iad Grian Ní Dhaimhín, Réaltán Ní Leannáin agus Lisa Nic an Bhreithimh a bheidh ar an bpainéal agus ‘An chéad chéim eile don fheimineachas in Éirinn’ á phlé acu. Díreoidh caint na mban ar a bhfuil bainte amach go dtí seo ag mná na hÉireann agus na rudaí atá fós le baint amach, sa Tuaisceart agus ó dheas.

Cuirfear tús amárach le dianchúrsaí Gaeilge, a mhairfidh trí lá, do ghlantosaitheoirí, bunfhoghlaimeoirí agus foghlaimeoirí cumasach. Beidh na cúrsaí seo ar siúl sa gCultúrlann ar Bhóthar na bhFál. 

Maidin Dé Sathairn i gColáiste Feirste beidh comórtas ‘Poc Fada na nGael’ ar siúl, i gcuimhne Éamoinn Uí Fhaogáin, agus rannóga ann do pháistí faoi bhun 10, 12, 14, agus 16 bliana chomh maith le rannóga d’fhir agus do mhná fásta.

Tá clár iomlán na féile, ar a bhfuil imeachtaí do theaghlaigh, seoltaí leabhar, tuilleadh ceoil agus imeachtaí eile nach iad ar fáil ar shuíomh Liú Lúnasa chomh maith lena leathanaigh ar na meáin shóisialta.

SCÉALTA EILE