Tá clár Liú Lúnasa 2016 seolta agus tá sceideal iontach thar chúig lá beartaithe ag lucht a eagraithe.
Seo an dara bliain don fhéile nua phobail atá á cur le chéile ag Gaeil óga Bhéal Feirste agus ina mbeidh ceolchoirmeacha, díospóireachta, drámaí, ceardlanna agus eile ar siúl ag deireadh na míosa seo chugainn.
“Mhothaigh muid go raibh bearna i saol sóisialta na nGael sa chathair agus bhí muid ag iarraidh sin a líonadh,” arsa Naoise Ó Cairealláin ó mheitheal Liú Lúnasa.
“Ní hamháin go raibh muid ag iarraidh an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh ach bhí muid ag iarraidh ardán a thabhairt do cheoltóirí agus ealaíontóirí Gaelacha, nascadh leis na pobail éagsúla i mBéal Feirste agus dul i ngleic le cúrsaí an tsaoil.
“Tá súil againn gur tús é seo le traidisiún úr comhaimseartha Gaeilge agus go mbeidh a mhacasamhail le fáil i ngach cathair agus baile in Éirinn sa todhchaí.”
Tá Liú Lúnasa á eagrú ar bhonn deonach agus d’éirigh leo formhór na gcostas a bhailiú trí fheachtas rathúil slua-chistithe ar Kickstarter a mheall £5,000 ón phobal.
Is í buaic na féile do go leor Gael ná an dá cheolchoirm mhóra a bheas ar siúl ag Muileann Mhic Con Mhidhe 26-27 Lúnasa le leithéidí IMLÉ, Bréag, Rís, Gráinne Holland, Nell Ní Chróinín agus JJ Ó Dochartaigh ach tá neart eile ar chlár na féile a chuirfeadh duine suim ann.
Ina measc sin tá díospóireacht dar teideal “An bhfuil gluaiseacht na Gaeilge ró-mhacho?”, gig mhór le GaelGÁIRÍ, seisiúin ióga agus machnaimh, ranganna sláinte, dráma le hAisling Ghéar agus caint faoin choilíneachas agus an Ghaeilge.
Is i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich a bheas mórchuid na n-imeachtaí á reáchtáil agus tá a dtromlach saor in aisce, agus gan ach £15 – nó £10 do mhic léinn – ar na ceolchoirmeacha.
Is féidir breathnú ar chlár iomlán na féile ar leathanach Facebook Liú Lúnasa nó teagmháil a dhéanamh leis an lucht eagraithe ar liulunasa@gmail.com