Lochlannaigh ag leaindeáil…

Beidh Lochlannaigh ag teacht i dtír i mBóthar na Trá, Gaillimh, tráthnóna Dé Sathairn 27 Bealtaine, agus é i gceist acu seilbh a ghlacadh ar Thrá na mBan, i dtrátha a 6in.

Agus iad gléasta i bhfeistis thraidisiúnta a chaití thiar san am, léireoidh breis agus 150 páiste bunscoile mar a dhéantaí “ionsaí agus cosaint” in aimsir na Lochlannach, i dteannta chriú na mbád.

Mar chuid den taispeántas, beidh suas le 20 bád traidisiúnta as Gaillimh le feiceáil amuigh san fharraige, mar aon le dhá long Lochlannacha, a ndearnadh athchaomhnú orthu in Ard Ghlais, Co. an Dúin.

Beidh spéis ag lucht leannta Vikings a chluinstin go raibh na báid chéanna le feiceáil sa mhórdhráma Nordach le HBO.

Tá tionól seo na mbád á reáchtáil ag Bádóirí an Chladaigh, mar chuid den fhéile nua ‘Féile Bhád Thraidisiúnta an Chladaigh’.

Mar aon leis an taispeántas Dé Sathairn i mBóthar na Trá, tá ‘Baile na mBádóirí’ tógtha ar Ché an Chladaigh, áit a bhfuil na báid le cé, a thabharfaidh blaiseadh de scoth an cheoil, an bhia agus di atá ar fáil go háitiúil.

Tá tuairim is 20 curach, gleoiteog agus púcán le feiceáil ón tráthnóna inniu, Dé Céadaoin 25 Bealtaine, agus fanfaidh siad ann go dtí an Domhnach 28 Bealtaine.

Ina measc, tá 5 chinn de churacha agus de ghleoiteoga atá athchóirithe ag Bádóirí an Ċhladaigh go dtí seo.

Tá na bádóirí cruthaitheacha céanna ag dréim le 14 bád a athchóiriú, chun treibheanna na Gaillimhe a chur in iúl, in am do 2020 nuair a bheas Gaillimh ina Chathair Chultúir na hEorpa.

Idir an dá linn, má fheiceann sibh Lochlannaigh bheaga ag rith thart ar Shráid na Siopaí sna laethanta beaga amach romhainn, beidh a fhios agat cad atá ar siúl acu!

Tuilleadh eolais anseo.

SCÉALTA EILE