Lynched, The Bonny Men & Dioscó Trad

Má ba mhian libh gormacha an Oireachtais a ruaigeadh mar is ceart, b’fhiú triail ar bhaile na hInse, Co. an Chláir, an deireadh seachtaine seo, mar a mbeidh ceann de na féilte ceoil traidisiúnta is mó tóir uirthi sa bhliain ar siúl.

I bhfírinne, is geall le hútóipe í an fhéile áirithe seo dóibh siúd ar mhian leo suí isteach i gcúinne éigin agus na huaireanta a chaitheamh  i mbun ceoil.

Féile a thugann tús áite don cheol, aithnítear an Trad Fest, ach go háirithe mar gheall ar an bhéim a chuirtear ar fheabhas na seisiún ceoil. 

D’fhéadfá an deireadh seachtaine ar fad a chaitheamh ag fánaíocht fán bhaile beag, ó sheisiún go seisiún, ach tá go leor imeachtaí eile ar siúl ar fiú aird a dhíriú orthu. 

Mhol bean an chonsairtín agus spéirbhean na bhféilte Aoife Kelly 5 bhuaicphointe i gclár na bliana seo!

1. Dioscó Trad

Disco

Is in óstán an Auburn Lodge, oíche Dé Sathairn, a bheidh an scléip is mó. Bígí ag dréim le buillí láidre, ceol traidisiúnta fiánta agus seomra pacáilte le daoine ag léimnigh thart ar nós cuma leo!

Ar ais ar an bhaile inár báistíodh an coincheap ar dtús, seo máthair an dioscó trad a mheallann slua mór i gcónaí!

2. Club na Féile, le hEoghan Neff agus The Bonny Men
  The Bonney Men n

Oíche anocht, Dé hAoine, sa Sanctury in ostán Queens, beidh fear as Inis, Eoghan Neff Downes, ag cur a mheascáin de cheol lúbtha leictreonach i láthair ar an fhidil.

Leanfar le seit ó ollghrúpa an oirthir The Bonny Men, buíon óg bheoga as an ardchathair a bhíonn go minic ag seinm os comhair na nGael.

3. Conair sheisiún

session

Chomh maith leis an chéad dioscó trad, maíonn an féasta Trad gurb é an chéad fhéile le conair sheisiún a reáchtáil.

Bígí cinnte mar sin go mbeidh ceol i ngach cúinne den bhaile as seo go dtí an Luan.

Seo an dara bliain dóibh seisiúin ‘óstacha’ a reáchtáil.

Seachas an t-óstach ní bheidh a fhios ag aon duine de na ceoltóirí cé leo a bheidh siad ag casadh go dtí do dtagann siad a fhad leis an seisiún é féin.

Tugann sé beocht sa bhreis do na seisiúin agus cothaíonn sé ardatmaisféar sna tithe tábhairne.

4. Lynched 

Lynched

Oíche Dé Domhnaigh, rachaidh Lynched ar ardán in óstán an Old Ground.

Núíosach i saol an daoncheoil, tá an grúpa óg seo as Baile Átha Cliath tar éis a bheith ar Jools Holland.

Is deis é seo chun iad a fheiceáil sula mbeidh cáil as cuimse orthu.

Beidh an triúir cheoltóirí as an ghrúpa Ulaid, John Mc Sherry, Dónall O’Connor agus Seán Óg Ó Graham, atá ag ar camchuairt timpeall na tíre faoi láthair, i mbun ceoil ar an ardán céanna. HUP!

5. Soirée na gCoinnle

flo beag

Dé Luain ansin, beidh teacht le chéile chun clabhsúir a chur ar fhéile na bliana.

Coinnle, ceol agus aíonna speisialta ina measc Dermot Byrne (bosca) agus Floriane Blancke (cruit) agus á dtionlacan beidh Brendan O’Regan.

Cad eile a bheadh uait?

Tuilleadh eolais faoi na himeachtaí thuasluaite anseo.

 

SCÉALTA EILE