Aisling an tSeanduine // Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loingsigh, Baile Bhuirne, Dé hAoine 17 Eanáir @ 20:00
Tá ana-chuma go deo ar an ócáid a bheidh ar siúl in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, i mBaile Bhuirne tráthnóna. Aisling an tSeanduine atá air, agus é curtha i láthair ag Croí Mhúscraí. Buíonn de cheoltóirí, aisteoirí, amhránaithe agus rinceoirí atá bainteach leis an ngrúpa seo ó Chraobh Lachtaín Naofa de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus iad tagtha le chéile chun taispeántas croíúil a chur ar bun!
Is ar thraidisiúin na Gaeltachta atá sé bunaithe, agus is é Seán Ó Muimhneacháin a chuir peann le pár chun é a scríobh; Seosamh Ó Críodáin atá i mbun léirithe agus Siobhán Ní Dhuinnín i bhfeighil ar an gcóiréagrafaíocht.
Saorchead isteach!
Oíche Maidhc Oscailte // Club Chonradh na Gaeilge, Dé Luain 20 Eanáir @ 20:00
Bíonn go leor cainte faoin 20 Eanáir… gurb é an lá is gruama den bhliain é: go mbíonn rúin na hathbhliana caite go leataobh agus na héinne ag fanacht ar an lá go n-íocfar iad ag deireadh na míosa! Sin a deirtear; más amhlaidh atá, tá ócáid á heagrú ag Conradh na Gaeilge a chuirfidh an ruaig ar na gormacha sin.
Ócáid maidhc oscailte atá i gceist, agus cuirfear fáilte rompu siúd a bheidh i láthair a rogha rud a dhéanamh ar stáitse – dán nó amhrán a rá, port a sheinm, scéal nó jóc a insint! Is fútsa atá!
Níl aon chostas ar an ócáid seo ach bheadh an lucht eagraithe buíoch as síntiús don eagraíocht Aware a thugann cúnamh agus comhairle dóibh siúd atá ag streachailt le cúrsaí meabhairshláinte.
Clann Mhic Ruairí, Diane Cannon, Manus Lunny agus Theresa Kavanagh // Ionad Cultúrtha Réigiúnach Leitir Ceanainn, Dé Máirt 21 Eanáir @ 20:00
Mar chuid d’imeachtaí na féile Letterkenny Trad Week, beidh ceoltóirí breátha ón gcontae agus a bhfuil ceangal acu leis, ag teacht le chéile in Ionad Cultúrtha an bhaile. Sin iad Clann Mhic Ruairí, Diane Cannon, Manus Lunny agus Theresa Kavanagh. Dé Máirt seo chugainn a bhaileoidh siad le chéile agus tá ticéid don gcoirm ar díol cheana féin ach cuairt a thabhairt ar regionalculturalcentre.com
Cuirfear tús go hoifigiúil leis an tseachtain cheolmhar Dé Domhnaigh beag seo agus leanfaidh na himeachtaí go dtí an 26ú Eanáir. Gach rath orthu!
Pop Up Gaeltachtaí Déardaoin 23 Eanáir:
T. Kinsella’s, Inse Chóir @ 20:00
Gaffney’s, An Baile Bocht @ 20:30
Tá faobhar millteach faoi nós na bpreabGhaeltachtaí le tamall anuas! Beidh rogha ag lucht Átha Cliath Déardaoin seo chugainn, mar go mbeidh DHÁ Pop Up Gaeltacht ar siúl sa Ardchathair… scoiltfear na Gaeil!
Is i T. Kinsella’s in Inse Chóir a bheidh dream amháin ag teacht le chéile, óna hocht a chlog; agus ceann eile i dtábhairne álainn ar an mBaile Bocht, Gaffney’s. Is óna leath huair tar éis a hocht a bheidh lucht labhartha na Gaeilge ag bualadh ansin.
Dá mbeadh fonn ort gach seans go bhféadfá cuairt a thabhairt ar an dá láthair – tuairim is leath huair a chloig i dtacsaí!