Mamma Mia! agus ceithre imeacht eile

Féile na Bealtaine, Corca Dhuibhne, 3–7 Bealtaine 2018

Tá Féile Iontach na Bealtaine ar siúl i láthair na huaire i gCorca Dhuibhne na Ríochta. Seo féile ag a mbíonn ócáidí ceoil, ealaíon, siamsaíochta agus drámaíochta ar bun thar thréimhse cúig lá! I measc na mbuaicphointí i mbliana, taispeánfar an scannán The Camino Voyage – Iomramh an Chamino, scannán Dhónaill Uí Chéilleachair a leanann criú an Chamino (Breanndán Ó Beaglaoich, Glen Hansard, Liam Holden, Breandán Ó Muircheartaigh agus Domhnall Mac Síthigh, nach maireann), agus iad ar a n-aistear oilithreachta. Scannán mór eile na bliana ná Song of Granite faoi shaol an amhránaí Seosamh Ó hÉanaigh, a thaispeánfar chomh maith. Beidh taispeántais ealaíne le healaíontóirí na háite ar siúl in ionaid éagsúla na háite, cuirim i gcás Ken Bolger, Liam Ó Néill, Elisa Feiritéar agus Carol Cronin. Ó thaobh an cheoil de, beidh amhráin ó Johnny Duhan agus Conor Linehan le clos. Beidh Cormac Begley agus Rushad Eggleston ag seinm ceoil chomh maith, do lucht éisteachta fásta agus óg! Sea beidh scata imeachtaí ar siúl do leanaí (Lá na bPáistí, agus ócáidí ón eagraíocht Fighting Words mar díreach cúpla sampla); agus beidh dúshlán rothaíochta na leithinse ar bun leis! Scoth na n-imeachtaí romhaibh amach, más ar Chiarraí atá bhur dtriall an deireadh seachtaine seo!

Mamma Mia, Áras Pobail Ráth Chairn, Déardaoin, 3 Bealtaine @ 19:30

Tá ana-chuid cainte déanta le cúpla lá anuas faoin mbanna ceoil ABBA agus an scéal tagtha chugainn go bhfuil amhrán nua taifeadta acu tar éis na mblianta fada! Tráthúil go maith, beidh amhráin ABBA le clos i Ráth Chairn Glas Gréine na Mí tráthnóna inniu! Beidh an ceoldráma cáiliúil Mamma Mia á chur ar siúl ag daltaí na hidirbhliana ó Choláiste Pobail na Gaeltachta sin, dóibh siúd a bheidh ag triall ar Áras Pobail Ráth Chairn. Léirigh do chuid tacaíochta agus bí i láthair ann, ócáid atá oiriúnach do gach éinne, idir óg agus aosta! Go n-éirí an t-ádh leo ar fad… Maidir leis an Money, Money, Money, €10 costas na dticéad, €5 do leanbh agus €20 don gclann ar fad.

Pop Up Gaeltacht, eagraithe ag ‘Ag Caint’, Brewery Bar, Béal Átha an Fhóid, Sligeach, Déardaoin, 3 Bealtaine @ 20:00

Arís an tseachtain seo, táim ag trácht ar an Pop Up Gaeltacht! Ní san Ardchathair atá m’aird dírithe, ach ar Shligeach, áit a mbeidh lucht labhartha na Gaeilge ag teacht le chéile! Tá Cumann Gaelach Institiúid Teicneolaíochta Shligigh ag ceiliúradh toisc go bhfuil deireadh na bliana (acadúla) ag teannadh leo! ‘Ag Caint’ ainm an ghrúpa agus tá cuireadh á thabhairt acu d’aon duine ar mhaith leo teacht agus bheith ina gcomhluadar d’oíche mhór spraoi! An Brewery Bar i mBéal Átha an Fhóid atá roghnaithe.

Robbie Hannan agus Paddy Glackin, The Séamus Ennis Centre, an Aill, BÁC, Dé Sathairn, 5 Bealtaine @ 20:00

Beidh ceol breá ó cheoltóirí aitheanta na stíle traidisiúnta le clos san Aill i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn. Tiocfaidh Robbie Hannan agus Paddy Glackin le chéile do choirm in ionad Shéamus Ennis, ionad a bunaíodh in ómós do cheoltóir aitheanta traidisiúnta eile. Beidh saol agus saothar Shéamuis á cheiliúradh ar an oíche, ar an lá a mbeadh sé 99 bliain d’aois, dá mbeadh sé fós beo. Is fiú féachaint ar shuíomh an ionaid sna laethanta amach romhainn, tá meascán deas d’imeachtaí beartaithe ann as seo go ceann tamaill. Beidh an fuirseoir grinn Des Bishop ag tabhairt cuairte ar an Aill, mar aon le Scullion agus The Four of Us, le linn na Bealtaine. 

Léacht Uí Ghadhra, Halla na Cathrach, BÁC, Dé Céadaoin, 9 Bealtaine @ 18:30

Is é an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill atá roghnaithe le Léacht Uí Ghadhra a thabhairt i mbliana. Seo léacht a thugtar go bliantúil, in ómós an iriseora agus scríbhneora Nollaig Ó Gadhra. ‘Ó Athbheochan go hAthchóiriú: An Ghaeilge agus an Stát’ teideal léacht an Choimisinéara, a thabharfaidh sé dóibh siúd a bheidh i láthair i Halla na Cathrach Dé Céadaoin seo chugainn ó 18:30. 

SCÉALTA EILE