Níl ach beagán le cois seachtaine fágtha go dtiocfaidh na céadta Gael go Ráth Chairn Glas na Mí d’Fhéile na Gealaí, agus tá léarscáil na féile curtha amach ag lucht a heagraithe inniu.
Bhfuil sibh réidh d’Fhéile na Gealaí 2019?! 🥳
Seo chugaibh léarscáil de shuíomhanna na bliana seo 🌟 pic.twitter.com/TZAj7UVo8R— Féile na Gealaí (@FeilenaGealai) June 6, 2019
Tá fás mór tagtha ar an bhféile i mbliana agus trí láthair champála le bheith ann le hais aon cheann amháin sna blianta a d’imigh tharainn. Beidh láthair ar leith ann i mbliana ar pháirc peile Bhunscoil Uí Ghramhnaigh do theaghlaigh a bheidh ag freastal ar an bhféile, chomh maith le dhá láthair champála do ghnáthmhuintir na féile.
Beidh na láithreacha sin buailte ar láthair na féile ar pháirc CLG Clann na nGael i Ráth Chairn, cúpla nóiméad siúil ó lár an bhaile Gaeltachta. Is ar an bpríomhláthair seo a bheidh leithéidí Kneecap, An Chéad Ghlúin Eile, Bréag, Dáithí, Vigilanti, agus go leor leor eile nach iad. Is ann a bheidh na himeachtaí siamsaíochta ar nós ceardlanna damhsa, ióga, agus an ‘Rave Bricfeasta’ ar siúl freisin.
Ar Pháirc Chuimhneacháin Ráth Chairn, taobh le leabharlann an bhaile, beidh na himeachtaí teaghlaigh ar siúl. Beidh ceardlann agus seó puipeadóireachta á ndéanamh ag an gcomplacht Fíbín, agus beidh caisleán spraoi, cluichí, comórtais, péinteáil aghaidhe agus go leor eile ar siúl ann i gcaitheamh na féile.
Ar ndóigh, beidh siopa agus caifé an bhaile ar oscailt i gcaitheamh na féile chomh maith le pub cáiliúil Ghaeltacht na Mí, An Bradán Feasa, mar a leanfaidh craic na féile oíche Dé hAoine agus Dé Sathairn.
10 lá sa lá inniu… Mála cannaí… @KNEECAPCEOL agus @NiteworksBand ar an ardán… san aimsir seo… 👌😎🌞 #flaithisnanGael pic.twitter.com/gVckMYfhcY
— Féile na Gealaí (@FeilenaGealai) June 4, 2019
Tá dea-aimsir geallta don deireadh seachtaine faoi láthair, agus súil ag lucht eagraithe na féile gur mar sin a fhanfaidh cúrsaí i gcaitheamh na seachtaine atá amach romhainn.
Tá na ticéid ag imeacht go sciobtha uainn – bígí luath nó bígí gan bhus! @FeilenaGealai https://t.co/WYPxDi5gCx
— Club Chonradh na Gaeilge (@clubchonradh) June 2, 2019
Tá bus eagraithe ag Club Chonradh na Gaeilge arís i mbliana le lucht freastail na féile a thabhairt ó lár Bhaile Átha Cliath go Ráth Chairn Dé hAoine seo chugainn. Beidh an bus ag fágáil 6 Sráid Fhearchair ag 15.00 ar an 14 Meitheamh agus ag filleadh ó Ráth Chairn ag 15.00 ar an 16 Meitheamh. Tá ticéad ar an mbus fós ar fáil ach táthar á gceannach go sciobtha.