‘Margadh Mochóirí’ d’Oireachtas na Samhna ar fáil anois

Tá níos lú ná trí mhí le dul go dtí Oireachtas na Samhna agus tá ticéid mochóirí ar díol anois le haghaidh na mórfhéile.

Is i gCill Airne, Co. Chiarraí, a bheidh an gabhar á rostadh arís i mbliana agus táthar ag súil le slua mór a bheith i láthair idir an 1-5 Samhain.

€90 atá ar ollticéad na féile faoin bpraghas mochóirí, €75 atá ar thicéad dhá lá don Aoine agus don Satharn agus €45 atá ar thicéad dhá lá don Déardaoin agus don Aoine.

Is é an 29 Meán Fómhair an dáta a thiocfaidh deireadh leis na ticéid mochóirí agus tá muintir an Oireachtais ag moladh do dhaoine na scuainí a sheachaint agus ticéad a fháil chomh luath agus is féidir.

Beidh an gnáthmhéascán de chomórtais, d’imeachtaí agus de chomhluadar den scoth le fáil i gCill Airne i mbliana, cuir i gcás na príomhchomórtais amhránaíochta agus rince, seoltaí leabhar agus Pólca 4 beo ag Club na Féile.

Is féidir do thicéad a cheannach anseo.

SCÉALTA EILE