Cara sa Chúirt, drama le Mumbro Top, Ionad na nGleannta, Co. Liatroma Dé Sathairn 8 Nollaig @20:00
Tá an comhlacht drámaíochta Mumbro Top tar éis a bheith ar camchuairt lena ndráma Cara sa Chúirt le cúpla seachtain anuas. Tiocfaidh a dturas chun críche i gContae Liatroma, in Ionad na nGleannta, mar a mbeidh siad ar stáitse ann anocht. Fionn Foley agus Eilís Carey an bheirt atá le feiscint sa taispeántas drámaíochta seo, atá faoi stiúir Hilary Bowen-Walsh. ‘Aoir ghrinn ar oidhreacht an choilíneachais’ a thugann siad féin ar an scéal seo, a bhfuil léirmheasanna ana-mholtachtacha fachta aige ó chéadléiríodh é, le daoine áirithe ag rá gur beag nár ghortaíodar iad féin ag gáirí, agus iad ag féachaint air! Sin moladh maith!
Seoladh Mar a Bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir, leabhar nua Joe Steve Ó Neachtain, Tigh Chualáin, Dé Sathairn 08 Nollaig @ 20:00
Seoladh Fear Inis Bearachain: Traditional Irish Music on the Melodeon, le Johnny Óg Connolly, Tigh Chualáin, Dé Domhnaigh 09 Nollaig @ 16:00
Beidh cúpla ócáid ar bun ag Cló Iar-Chonnacht sna laethanta romhainn a mbeidh spéis, déarfainn, ag léitheoirí NÓS iontu! Seoladh albaim agus seoladh leabhar le bheith beacht faoi, an Satharn agus Domhnach beag seo.
Mar a Bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir, teideal an leabhair nua le Joe Steve Ó Neachtain, ina ndéanann sé trácht ar eachtraí a bhain le muintir Chóil Ruaidí, dream a raibh sé mar chomharsa béal dorais acu agus é ag éirí aníos. Dónall Ó Braonáin a bheidh i mbun an tseolta sin, i dTigh Chualáin.
Tá dlúthdhiosca nua Johnny Óg Connolly ansin le seoladh ar an Domhnach. Is albam é seo atá curtha le chéile aige in ómós dá athair, boscadóir eile aitheanta, Johnny Connolly. Fear Inis Bearachain: Traditional Irish Music on the Melodeon atá air. Ar an albam, tá ceol ó chumadóirí as Conamara, leithéidí Mharcuis Uí Iarnáin agus Máirtín Shéamuis Ó Fátharta, mar aon le poirt a bhfuil lorg láidir de cheol Sheáinín Phat Mhyla Mhic Dhonncha le clos orthu. An ceoltóir Emmett Gill a sheolfaidh san ionad céanna ar an Domhnach, ag 16:00.
Bewley’s @ 6, Amharclann Caifé Bewley’s, Sráid Grafton, Déardaoin 13 Nollaig @ 18:00
Má tá blúire siopadóireachta ar bun agat i gCathair Átha Cliath Déardaoin seo chugainn, agus sos beag ag teastáil uait ó na sluaite agus ón dtrácht, buail isteach chuig Amharclann Bewleys. Is ann a bheidh Maria Nic Cumhaill, a clann agus a cairde agus an slua á chur faoi dhraíocht acu lena gcuid amhránaíochta agus ceoil. Is mar chuid den tsraith Bewley’s @ 6 atá sé seo eagraithe. Ní hamháin go mbeidh ceol binn le clos, ach tá blaisíní bia san áireamh le praghas na dticéad (€15). Is féidir deochanna a cheannach ar an láthair. Bolg lán agus na cnámha réidh le síneadh — ag éisteacht le Ceadal na Nollag. Nach deas?
SÍOMHA, camchuairt náisiúnta, Turas an Gheimhridh, 12 Nollaig – 26 Eanáir
Beidh an t-amhránaí SÍOMHA le feiscint go luath agus í ar camchuairt timpeall na tíre. Mura bhfuil cur amach agat ar an amhránaí breá seo ó Chontae an Chláir, mholfainn daoibh súil a chaitheamh ar an bhfíseán seo di le Bruach Loch Pontchartrain nuair a bhí sí ar an gclár I Lár an Aonaigh ar BBC 2, le déanaí! Beidh sí i gCorcaigh, BÁC, An Iarmhí, Béal Feirste, Gaillimh, Luimneach agus fiú Féile Celtic Connections i nGlaschú as seo go deireadh mhí Eanáir na bliana seo chugainn. Féach ar a leathanach seo do na dátaí ar fad. Dála an scéil, tá airgead á bhailiú aici le halbam a thaifeadadh…. má tá fonn oraibh cúpla cent a caitheamh ina treo!
12 Nollaig – Cyprus Avenue, Corcaigh;
13 Nollaig – Whelan’s, Dublin;
14 Nollaig – The Stables, An Mhuileann gCearr;
15 Nollaig – Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste;
19 Nollaig – Monroes, Gaillimh;
20 Nollaig – Dolan’s, Luimneach;
26 Eanáir 2019 – Celtic Connections, Glaschú.