Meabhraímis ag ‘Meanmanra’!

Beidh lucht léinn, criticeoirí, scríbhneoirí agus smaointeoirí na Gaeilge ag teacht le chéile Dé Sathairn seo, 19 Samhain, ag an gcomhdháil Meanmanra i mBaile Átha Cliath.

Comhdháil ar an bhfealsúnacht agus an tsíceolaíocht is ea Meanmanra, atá á reáchtáil don dara bliain as a chéile, a chuireann cainteanna ardchaighdeáin ar fáil do lucht léinn agus lucht critice, do dhaoine ar spéis leo ceist na teanga agus do dhaoine ar spéis leo an smaointeachas cultúir.

Laincis ar shaothrú na fealsúnachta agus na síceolaíochta i saol na Gaeilge is ea gur beag fáil atá ar ábhar díospóireachta sna réimsí sin trí mheán na Gaeilge.

Theastaigh uainn le Comhdháil Meanmanra, mar sin, borradh a chur faoi chultúr fealsúnachta agus faoi chultúr síceolaíochta nach mbeadh lonnaithe sa Bhéarla.

Tá réimse leathan cainteoirí eagraithe againn le haghaidh Mheanmanra na bliana seo.

Orthu sin, tá Síle Ní Choincheannain, a chuirfidh tús leis an gComhdháil le caint dar teideal ‘Ceist na mBan in Úrscéalta Stairiúla na Gaeilge: an fiú í a chur?’.

Tabharfaidh Caitríona Ní Chléirchín caint dar teideal ‘An Cholainn agus an tSícé i bhFilíocht na mBan’ agus déanfaidh Stephen Newman ‘An Blascaod Mór agus Marxachas George Thomson’ a phlé.

Tabharfaidh Scott Oser caint ar ‘Damhna Dorcha’ agus tabharfaidh Philippe Caignon caint i bhFraincis – ‘L’importance de la terminologie dans la transmission et la sauvegarde des langues-cultures menacées’ nó ‘Tábhacht na téarmeolaíochta i mbuanú agus i seachadadh na dteangacha agus na gcultúr faoi bhagairt’.

Déanfaidh Seaghan Mac an tSionnaigh aistriúchán comhuaineach Gaeilge ar an gcaint sin ar an lá.

meanmanra-logo

Gné idirnáisiúnta de chuid na Comhdhála is ea cainteanna Oser agus Caignon.

Is as Ceanada do Scott Oser ach tá an Ghaeilge ar a thoil aige.

Maidir le caint Philippe Caignon, is as Fraincis a thabharfar í ach is le hábhar i gcomhthéacs na mionteangacha a bhainfidh sí.

Tabharfaidh an Dr. Sorcha De Brún caint ar ‘An Chruinne Fhireann agus Fireannachtaí i bPrós-Scríbhneoireacht Mhichíl Uí Chonghaile’ agus is ceisteanna éiceolaíocha i dtaca leis an athrú aeráide a bheidh á gcíoradh ag Risteard de Paor ina chaint siúd: ‘Páras 2015 – Tíogar mantach nó slánaitheoir ón athrú aeráide?’.

Cuirfidh an file Gabriel Rosenstock clabhsúr le cainteanna an lae le cur i láthair ilmheánach, dar teideal ‘Ciúnas!’.

Beidh seisiún ceisteanna agus freagraí le Rosenstock ann i ndiaidh an chur i láthair.

I ndiaidh na gcainteanna ag Comhdháil na bliana seo, seolfaidh Pádraig Mac Fhearghusa, file agus eagarthóir Feasta, an leabhar Meanmanra: an tSíceolaíocht agus an Fhealsúnacht (cnuasach aistí ó Chomhdháil na bliana seo caite).

Táimid an-bhuíoch d’Fhoras na Gaeilge as an maoiniú agus as an tacaíocht a chuireann sé ar fáil le haghaidh Meanmanra.


Is iad Oisín Uíbh Eachach agus Seaghan Mac an tSionnaigh eagraithe na comhdhála, a bheas ar siúl Dé Sathairn 19 Samhain, i gClub na bPíobairí Uilleann, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath.

Beidh saorchead isteach ann, agus lón ar fáil ar €10.

Is féidir Meanmanra a leanúint ar Facebook agus Twitter, agus tá ticéid ar fáil ar Eventbrite dóibh siúd ar mian leo áit a chinntiú.

SCÉALTA EILE