Tá milliún éisteacht bainteach amach ag amhrán Breatnaise ar Spotify den chéad uair riamh inniu. D’eisigh na ceoltóirí Alffa, banna ceoil beirte a bhuaigh Bruíon na mBuíon ag Eisteddfod na Breataine Bige anuraidh, a n-amhrán ‘Gwenwyn’ [Nimh} i mí Iúil na bliana seo.
D’éirigh go maith leis ar an aip seinnte ceoil agus cuireadh ar roinnt seinnliostaí móra le rá ar an aip. Fógraíodh an tseachtain seo go raibh an milliún bainte amach acu, an chéad uair riamh ar bhain amhrán Breatnaise an sprioc mhór amach. Tá lucht éisteachta fairsing ag Alffa agus éisteoirí ag casadh a gceoil san Astráil agus sa mBrasaíl.
Anuas ar a mbua mór ag an Eisteddfod in 2017, D’ainmnigh BBC Wales Alffa i measc ‘Horizon Artists’ na Breataine Bige — ócáid a chuireann ceol nua ón mBreatain Bheag chun cinn.
Dúirt giotaraí an bhanna, agus an príomhamhránaí, Dion Jones, go bhfuil sé “craiceáilte” gur éisteadh lena n-amhrán breis agus milliún uair agus nach raibh “aon súil” ag an mbeirt óg leis an scéala.
Chríochnaigh an bheirt óg, Jones agus an drumadóir Sion Land, a gcuid meánscolaíochta in Ysgol Brynrefail, gar do Caernarfon an samhradh seo. Mar chuid den togra Horizon Artists, tugtar deis do na ceoltóirí óga casadh ag féilte samhraidh agus ócáid eile, agus cuireadh ar an lipéad ceoil Recordiau Côsh iad.
Dúirt bunaitheoir an lipéid sin, Yws Gwynedd, gur léiriú é an rath atá ar Alffa “go bhfuil smionagar á dhéanamh de bhacanna teanga”.
Tá a gcéad albam á thaifeadadh faoi láthair ag Alffa agus súil acu go gclúdóidh an t-airgead a thuillfidh siad ó Spotify costas an albaim sin. Tá súil acu freisin gigeanna a chasadh taobh amuigh den Bhreatain Bheag go luath freisin.