“Miondánta Móra”

Tá seó il-mheáin úr ar na bacáin ag draoithe IMRAM chun ceiliúradh a dhéanamh ar chnuasach nua Haiku i nGaeilge na hÉireann agus Béarla na hAlban, Tae Wi The Abbot/Tae i dteannta an Aba.

Teacht le chéile bheirt cheardaithe Haiku atá sa taibhiú speisialta seo: John McDonald, atá lonnaithe i nDún Éideann, agus Gabriel Rosenstock as Contae Luimnigh ó dhúchas atá ag baint faoi le fada an lá i mBaile Átha Cliath.

Is san ardchathair ar an 8 Nollaig a bheidh an chéad léiriú agus tabharfaidh na filí aghaidh ar Bhéal Feirste an oíche dar gcionn.

I dteannta na haijin (filí haiku), beidh an giotáraí Enda Reilly agus Margaret Lonergan, ealaíontóir agus dearthóir a lasann splanc fhísiúil faoi sheónna IMRAM.

tea

Sa chnuasach dhátheangach aoibhinn seo, atá maisithe ag Mathew Staunton, déanann an file Albanach ceiliúradh ar mhóimintí áille neamhbhuana sa chathair agus faoin tuath.

Agus é ag trácht ar an saothar nua, dúirt Alan Titley gur “miondánta móra” iad a mhúsclóidh na “céadfaí uile”.

“Osclaítear do shúile! Osclaítear do chluasa! Osclaítear d’anam leamh laethúil! Sin é is brí leis na miondánta móra seo.

“Mura gcuireann siad dealg ionat, tá craiceann mós tiubh agat. Mura músclaíonn siad do chéadfaí uile is cuma nó marbh tú.

“Mura gcuireann siad dinglis trí lár do dhrólainne is cuma nó cuntasóir thú. Nasc álainn iad seo idir dhá theanga eile Shruth na Maoile, is an taoide sin eatarthu.”

Saor cloiche ab ea John McDonald a tháinig ar Haiku i lár na 90í agus a thug gean mór don seánra.

Go traidisiúnta, is dánta trí líne iad a bhfuil 17 siolla san iomlán iontu san fhoirm 5-7-5.

Is as an tSeapáin a d’eascair na dánta draíochtúla aon anála seo, ach tá eolas ar an Haiku agus dúil ann tar éis leathnú ar fud an domhain.

tea wi the abbot—
straeberry jeely
on’s chin

tae i dteannta an aba—
subh sútha talún
ar a smig

I mBéarla na hAlban a scríobhann John agus tá lucht leanúna idirnáisiúnta meallta aige lena bhlag.

Tá breis agus ceithre scór haiku dá chuid, a d’aistrigh Gabriel Rosenstock, curtha i láthair phobal na Gaeilge sa mhír rialta Haiku na Seachtaine ar Tuairisc.ie.

Beidh dánta a foilsíodh ar Tuairisc.ie agus rogha ón leabhar nua mar chuid de cheiliúradh IMRAM ar an Haiku!

IMRAM abú!


– Éigse Éireann/ 11 Cearnóg Parnell Thoir, Baile Átha Cliath 1, Déardaoin, an 8 Nollaig ag 7.00in.
– Turas / The Skainos Centre, 241 Bóthar Bhaile Nua na hArda, Béal Feirste, Dé hAoine, an 9 Nollaig 2016 ag 7.30in.

Tá saorchead isteach chuig an dá sheó agus ní gá ticéad a chur in áirithe. 

SCÉALTA EILE