Scéalta ársa faoi Bhan-Éarlamh na hÉireann nach bhfuil an oiread sin clú orthu
Táimid ag ceiliúradh inniu duine de na naoimh Éireannacha atá go mór i gcroí an phobail. Le cúpla lá anuas, mar is gnáth gach bliain, bíonn idir thuismitheoirí agus mhúinteoirí ag bailiú luachra chun Crosóga Bríde a dhéanamh. Bíonn páistí ar fud na tíre ag léamh an scéil i dtaca lena brat agus b’fhéidir gur cuireadh píosa éadaigh amuigh thar oíche aréir in áiteanna difriúla. Cé go bhfuil clú agus cáil ar an scéal seo tá neart scéalta míorúilteacha eile ann nach mbeadh mórán eolais ag daoine orthu ach a bhfuil cuntas orthu i Leabhar an Leasa Mhóir – lámhscríbhinn mheánaoiseach Ghaelach a aimsíodh de sheans i mballaí Chaisleán an Leasa Mhóir, contae Phort Láirge in 1814. Seo cúpla sampla díobh:
Tairngríodh roimh a breith go mbeadh Bríd an-speisialta
Lá amháin, nuair a bhí máthair Bhríde, bean darbh ainm Broicseach, ag iompar clainne le Bríd, bhí sí ag dul áit éigin i gcarbad le hathair Bhríde. Chas siad le draíodóir fir ar an mbealach agus thug sé ceann don bhean óg nuair a leag sé a shúile uirthi. Chuir sé ceist ar athair Bhríde, Dubhthach, an raibh an bhean a bhí leis ag súil. Dheimhnigh athair Bhríde go raibh sí ag súil lena pháiste féin. Ansin dúirt an draíodóir go mbeadh an leanbh ina broinn ina ‘hamhra’ agus nach raibh a leithéidí ar domhan riamh cheana. Lean an draíodóir ar aghaidh lena chuid cainte agus trí rath fáistine, rinne sé tuar agus tairngreacht ar shaol Bhríde. D’fhógair sé os ard: “Beidh páistí do mhná céile ag freastal ar an bpáiste seo ó do chumhal mar ginfidh do chumhal iníon a bheidh suaitheanta lonrach agus a dhealrófar mar ghrian i measc réaltaí na bhflaitheas”. Bhí an-áthas ar Dhubhthach an méid seo a chloisteáil!
Chéad mhíorúilt Bhrídé
Ach, mar a bheifí súil leis, ní raibh bean chéile Dhubthach róshásta nuair a chuala sí seo agus chuir sí faoi bhrú é máthair Bhríde a dhíol, agus Bríd a bhí beo gan bhreith. Díoladh an bheirt acu le draíodóir eile. Anois tharla sé go raibh aithne ag an draíodóir seo ar Rí agus Banríon ag an am. Bhí an Bhanríon ag iompar clainne freisin. Nuair a rugadh a mac óg, marbhghin a bhí ann. An mhaidin dár gcionn rugadh Bríd agus tugadh an cailín nuabheirthe díreach go corp an bhuachalla bhig mhairbh. Scríobhadh gur éirigh an buachaill beag bocht ina steillbheatha arís nuair a chuir Bríd bheag a hanáil air.
Oíche amháin bhí an draíodóir ina chodladh agus é ag brionglóideach. Ina bhrionglóid, chonaic sé triúr cléireach a raibh éadaí lonracha orthu ag doirteadh ola ar cheann Bhríde agus ag déanamh ord an bhaiste uirthi. Labhair duine de na fir, ar aingil iad, leis an draíodóir agus dheachtaigh sé dó gurbh é Sancta Brigida a thabharfaí ar an bpáiste, sin le rá Bríd Naofa.
Lán leis an Spiorad Naomh
Deirtear gur tharla go leor eachtraí mistiúla i rith shaol Bhríde. Lá amháin, nuair a bhí sí fós ina leanbh, d’fhág a máthair Bríd sa bhaile nuair a chuaigh sí sa tóir ar bhainne. Bhí a máthair imithe le tamall beag nuair a thug na comharsana faoi deara go raibh stríoc mhór solais, amhail tine, ag éirí aníos as an teach i dtreo Neimhe. Cheap siad go raibh an teach trí thine, agus bhí a fhios acu go raibh Bríd fágtha ann. Nuair a bhain siad an teach amach, ghlan an tine agus dúradh nuair a aimsíodh í go raibh Bríd lán de ghrásta an Spioraid Naoimh.
Casadh Bríd agus a hathair ar a chéile arís nuair a bhí sí ní ba shine. D’imigh Dubhthach ar thuras tráth agus bhí Bríd ag tabhairt aire do mhucra. Nocht beirt ghadaithe agus ghoid siad dhá thorc. Ní raibh Bríd ábalta stop a chur leo. Tamall ina dhiaidh sin ar a shlí abhaile, bhuail Dubhthach leis na gadaithe agus thóg sé na toirc ar ais uathu. Nuair a d’fhill sé ar Bhríd, chuir sé ceist uirthi faoin méid muc a bhí fágtha. “Comhair an líon atá ann”, ar sise. Chomhair sé na muca go léir agus bhí dhá mhuc bhreise aige!
A grá do na boicht
Go gairid ina dhiaidh sin, tharla a leathbhreac eile. Bhí Bríd ag ullmhú an dinnéir lá amháin agus cúig phíosa bagúin aici. Tháinig madra aimléiseach isteach a raibh ocras an domhain air. Le teann trua, thug Bríd píosa bagúin dó. D’alp sé é leis an ngoin a bhí ina ghoile ach bhí ocras fós air. Thug Bríd píosa eile bagúin dó. Bhí cuairteoir ann sa teach ag an am ach cheap Bríd go raibh sé ina chodladh. Ní raibh a fhios aici go raibh sé ag faire ar na heachtraí sa chistin. Tháinig Dubhthach ar ais agus cheistigh sé í maidir leis an méid a bhí acu don dinnéar.
“Comhair an líon atá ann”, a dúirt Bríd arís. Chomhair sé an bagún agus ní raibh aon phíosa ar iarraidh. Ansin, d’inis an cuairteoir do Dhubhthach na himeachtaí a chonaic sé. Níor ith a raibh sa teach an bia sin mar níor mhothaigh siad fiúntach go leor agus tugadh an bia do na boicht ina ionad. Deirtear go raibh Bríd ar dhuine de na daoine ab fhlaithiúla leis an ngortach, agus gur éirigh a hathair míshásta léi mar bhí Bríd ag tabhairt gach rud amach saor in aisce dóibh. Rinne Dubhthach dea-iarracht í a díol tráth fiú chun a shaibhreas agus a sheilbh a chosaint.
Rinne Bríd neart míorúiltí le linn a saoil. B’ionadh le daoine go ndéanfadh aon duine a leithéid. Deirtear i Leabhar an Leasa Mhóir go raibh an méid chomh hard sin gur chaith an tAingeal Tiarna teacht agus insint dúinn cé mhéad go díreach a rinne sí.