Mistéir an Oireachtais: Cad a tharla d’Anna?

Oireachtas na Samhna, oilithreacht bhliantúil na nGael, áit ina nascann muid lenár gcultúr agus le Gaeilgeoirí as gach scáineadh is cúil. Nó i mo chás-sa, a bheith ag caint gan stad le haon duine agus gach duine timpeall orm, is cuma cé chomh mór agus atá mé leo. Ach sula ndéana mé amhlaidh seo, seo chugat mo bharúil ar Oireachtas na Samhna 2024.

Maidin Aoine (an lá tar éis Oíche Shamhna, Lá an Bháis Mhóir, Lá Fhéile na Naomh Uile). Is dócha nárbh é an cinneadh is siosmaidí é imeacht ón ollscoil ag 9:00 ar thuras bus seacht n-uair a chloig…le 40 mac léinn eile. 

Cé gur thug mé rabhadh do gach duine go n-imeodh muid gan iad mura raibh siad ann ag 9:00 ar an toirt, bhí leath acu déanach, bhí an bus déanach agus anuas air sin bhí mise déanach.

Ach ag 9:30 bhuail muid an bóthar go Cill Airne,agus caithfidh mé a rá, ba é an turas bus ba chiúine ar thug mé faoi i mo shaol.

Leath den bhus ag fulaingt agus ní ag magadh faoi mo chomhairle gurb ionann an chúis agus an leigheas, bhí tost ann gur stad muid i mBaile Átha Cliath ag Applegreen. Ag an phointe seo thug mé fá deara go raibh mé i mo shuí ar ghuma coganta an turas ar fad.

Scéal uafáis an ghuma i leataobh, bhí muid ar ais ar an bhóthar agus shroich muid Cill Airne ag 17:00. Bhí néal tapaidh agam agus ansin thosaigh an t-ól roimh chóisir na mac léinn. Is é an t-aon rud is féidir liom a rá ná, rannán deochanna M&S, mura bhfuil cheanna, cuir eolas air. Sílim go raibh mé ag luascadh sular fhág mé an t-óstán fiú.

Shroich muid an Gleneagle agus beagnach láithreach chaill mé achan uile dhuine ón Chumann Ghaelach. In ionad iad a aimsiú, bheartaigh mé suí agus labhairt le léachtóir dom faoi rud nach féidir liom ach glacadh leis gur sheafóid amach is amach é. 

Lean mo thaiscéalaíocht ar aghaidh agus mé ag iarraidh seomra folctha a aimsiú. Ar an tslí chas mé ar Barry Ó Siochrú agus timpeall 20 tarbh-bhrocaire ag déanamh Tonnaí Thoraí. Fán am seo cheap mé gurbh fhéidir nár fhág mé an t-óstán fiú agus go raibh mé i mo chodladh fós.

Ar ais go dtí oíche na mac léinn agus Grooveline tar éis an stáitse a dhreapadh agus ealta lachan ag damhsa chun tosaigh. Tar éis dóibh dhá oíche a chríochnú ag oscailt do cheolchoirm díolta amach Kneecap in Vicar Street, chuir an banna seó iontach ar siúl (mar is gnáth).

Bhuail an clog 00:00 agus ansin b’in an t-am is fearr den oíche, den bhliain — mo bhreithlá ar ndóigh. Gabh mo leithscéal gach éinne ar luaigh mé seo leo i rith an Oireachtais.

Thosaigh mé maidin Shathairn le cruinniú gnó ag 9:00 nár chuala Meitheal na Banríona faoi go dtí 13:00. Ansin cruinniú cainte Chonradh na Gaeilge leis an Dr Síobhra Aiken, Toirdealbhach Ó Lionáird (Oifigeach Iar-Bhunoideachais), Katie Ní Riain (Bainisteoir Luathblianta), Cian Ó Fátharta (BÁNÚ), agus Róisín Ní Chinnéide (Bainisteoir Abhcóideachta). Ó phainéal cainte amháin go ceann eile, arís le Síobhra, agus tháinig an cúrsa Gaeilge ar fad suas chun tacaíocht a léiriú (shíl na cainteoirí eile gur comhtharlú a bhí anseo ach ní raibh ann ach lucht tacaíochta Shíobhra ar camchuairt).

Oíche Shathairn bhí dhá imeacht ar siúl agam, An Chos Eile agus seó grinn GaelGÁIRÍ. Seo an cúlra atá ag an dá imeacht, mar tá sé cloiste agam go ndéanann fíor-iriseoirí taighde.

Forbraíodh An Chos Eile faoin gclár Axis Assemble/Axis as Gaeilge 2020-2021, agus tá an léiriúchán seo maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá Seán Mac Dhonnagáin, scríbhneoir an dráma, ina bhall d’Aerach Aiteach Gaelach, an grúpa a chuir an dráma i láthair roimhe seo. Ba iad Ciara Ní É agus Eoin McEvoy a bhunaigh an grúpa in 2020 agus tá méadú 100 ball tagtha ar líon na mball fán am seo.

Ag siúl isteach amharclann, ní mór dom a admháil nach raibh cliú agam cén cineál scéil a bhí ann. Ní raibh a fhios agam aon rud ach go raibh cara dom a bhí ar bhord amharclainne liom sa dráma, Oisín Thompson. Thairis sin bhí ról lárnach ag aisteoir eile as iarthar Bhéal Feirste, Seosamh Mac Seoin; agus mar is eol d’éinne as iarthar Bhéal Feirste, fanaimis le chéile. Bhí mé mar a bheadh mamaí cathrach atá ag breathnú ar gach biz sa tsráid agus mé sa slua.

Phléasc ‘Guess’ le Charli XCX agus Billie Eilish amach ag tús an dráma agus b’in mar a bhí a fhios agam go raibh seó maith romhainn. Meascán foirfe idir tromchúiseach agus greannmhar, b’fhéidir go raibh cúpla deoir sna súile nach féidir liom a dhearbhú ná a shéanadh. Bail ó Dhia ar na haisteoirí a bhí i mbun an dráma agus ar ndóigh, ar na haisteoirí as iarthar Bhéal Feirste a rinne jab den chéad scoth (níl mé claonta…).

Tar éis leathuaire, díreach ar ais go dtí an seomra céanna do na GaelGÁIRÍ. Ar eagla go bhfuil cuid agaibh aineolach ar an ghrúpa, arís leis an eolas cúlra mar an gcéanna le fíor-iriseoir. Is grúpa coiméide Gaeilge é GaelGÁIRÍ a bhunaigh Andy Ó Faoláin agus Eoin P. Ó Murchú in 2013. Eagraítear oícheanta do na GaelGÁIRÍ i mBÁC i gClub an Chonartha. 

Fear an tí a chuir fáilte romhainn, is cosúil gurb é an fear do gach post óstála, Hugh Mac Giolla Ceara. Mar imeacht spleodrach Gaeilge tá GaelGÁIRÍ feicthe agam tuairim is trí huaire an iomarca ag an phointe seo. Sin go díreacht an fáth gur ábhar iontais álainn a bhí ann na fuirseoirí nua a fheiceáil; Oisín Mitséil, Síomha Nic Aonghusa, agus mo ‘crush’ TikTok (tá brón orm Eoin P!), Cúán de Búrca. Le linn na sraithe thuig mé i ndáiríre nach bhfuil i bpobal na Gaeilge ach grúpa ollmhór de nerds, an bhfuil grúpa eile daoine a bheadh ag gáire an oiread sin faoi fhuaimniú focal nó foclóirí? (Le grá x)

Bhí sé in am ansin d’ócáid na hoíche (ócáid an Oireachtais más rud é go bhfuil muid ag iarraidh a bheith macánta), Pólca4, agus d’éinne a chonaic mé ag damhsa bhí mé céad faoin gcéad sóbráilte. Tá mé díreach chomh dona sin ag damhsa. Ní bhuaileann aon duine Pólca4 do na vaidhbeanna, agus cé go gceapaim go bhfuil uillinn sroichte agam le linn ceann de na céilíthe, mholfainn do chara é.

Níl mé go hiomlán cinnte cén dóigh ar chríochnaigh mé sa tseomra ghlas ag 2:00 Dé Domhnaigh, ná iomlán cinnte cén fáth ar chuir mé sceimhle ar gach ball de phobal Gaeilge Bhaile Átha Cliath, ná cén fáth a raibh mé ag bailiú aíonna do mo phodchraoladh mar a bheadh Clocha Éigríochta iontu. Ach éist, is cosúil nach raibh aon duine ar aon intinn liom!

Ar deireadh thiar ar ais go dtí an t-óstán, agus thug mé rabhadh do gach duine go raibh siad le bheith ar an bhus ag 10:00 nó a mbealach féin abhaile a aimsiú. Uair an chloig ar an bhóthar déanta againn gur thuig muid go raibh duine dár gcairde fágtha i gCill Airne!

Sin mise faoi láthair, go dtí an bhliain seo chugainn … i mBéal Feirste.

SCÉALTA EILE