Móra duit ar maidin!

Bhí mé i measc an tslua ag lúbarnaíl is ag pocléimigh go rithimiúil, sinn ar maos le hallas ag breith barróg ar dhaoine nár chasamar leo riamh cheana ag a sé a chloig ar maidin, an DJ ag beaingeáil amach tiúnachaí blasta, cartúin dhraíochtúla sa chúlra le haghaidheanna ag leá isteach ina chéile.

Rave mídhleathach?

Ceann de na clubanna déanacha sin ar léigh tú faoi?

Ní hea a bhuachaill, ach Morning Gloryville, réabh maidine réamhoibre gan alcól.

Abair bús agus scleondar a dhaoine!

Tháinig Morning Gloryville ar an saol sa bhliain 2013 agus ó shin i leith tá sé tar éis scaip fud fad an domhain agus é anois ar fáil ó Bharcelona go Bangalore.

An mhaidin a raibh mé ann i mBÁC bhí slua de dhamhsóirí agus húlahúpanna lán soilse ann.

Tosaíonn cúrsaí ag 6.30rn agus cuirtear fáilte romhat isteach i Hangar (Amharclann Shráid San Aindrias mar a bhí).

Téann tú isteach agus tugtar barróg agus daba gealra (glitter) duit.

Istigh tá DJ ag seinm agus daoine eile ag ól caife nó ag ithe iógairt agus bricfeasta éadrom, le slua leath-faiteach ag feitheamh timpeall ar an urlár damhsa.

Ní fada gur ghlac an slua seilbh ar an urlár damhsa agus laincisí an tsaoil a chaitheamh daoibh.

Is saoire agus is íne an damhsa anseo ná in aon phub nó club lán spreagthach dár raibheas ann riamh.

Tá ióga agus suathaireacht ann.

reabh-ioga

Tógann daoine páistí leo, na tuistí is cúláilte ar fad ní foláir!

Ansin ag druidim leis an 9rn agus ina dhiaidh tosaíonn an slua ag scaipeadh agus ag bailiú leo – spreagadh agus fuinneamh as an úr acu don lá rompu.

Mholfainn go mór triail a bhaint as.

Is ait liom ainm na hócáide a chuirfeadh adharc na maidine i gcuimhne duit áfach.

Má tá spéis agat dul ann mholfainn ticéad a cheannach breá luath mar gur gnó é i ndeireadh an lae – is fearr iad a cheannach ar phraghas laghdaithe.

Ba chóir do Ghael tionscantach éigin smaoineamh faoina leithéid a dhéanamh!

Anois cá bhfuil mo chai latté?


Beidh an chéad Morning Gloryville eile ar siúl i Hangar, BÁC, Dé Céadaoin 30 Meán Fómhair. Breis eolais anseo.

SCÉALTA EILE