Ba chóir go mbeadh an Bhreatnais á teagasc i scoileanna Shasana, dar leis an taibhfhile clúiteach Benjamin Zephaniah.
De bhunadh Iamáice agus tógtha i mBirmingham, is scríbhneoir agus dubfhile Zephaniah a bhfuil a chuid filíochta, agus na teachtaireachtaí láidre taobh istigh di, ag dul i bhfeidhm ar dhaoine ó bhí tús na n80í ann.
Bhí sé i láthair ag príomhfhéile na Breatnaise, an Eisteddfod, a bhí ar siúl i gceantar Powys i lár na Breataine Bige ar an tseachtain seo caite, nuair a dúirt sé gur cheart feasacht níb fhearr bheith ag páistí ar na cultúir agus ar na teangacha éagsúla sa Bhreatain féin.
“Múintear Hiondúis, an tSínis agus an Fhraincis, mar sin cén fáth nach mbeadh an Bhreatnais ann chomh maith? Agus an Choirnis leis?,” ar seisean le BBC Cymru.
“I Sasana, nuair a labhraíonn muid faoin ilchultúrachas, is faoi dhaoine gorma agus daoine ón Áis a bhíonn muid ag labhairt de ghnáth, daoine a ghlac a gcultúir leo anseo.
“In amanna déantar dearmad go bhfuil cultúir áitiúla ann atá an-difriúil ó chultúr agus ó litríocht phríomhshrutha Shasana.”
Meastar go raibh thart ar 150,000 duine ag Eisteddfod na bliana seo ina raibh iomaitheoirí páirteach i gcomórtais amhránaíochta, cheoil agus litríochta, mar aon leis an iliomad imeachtaí eile, ceolchoirmeacha móra comhaimseartha ina measc.