Muintir Agrigento agus Oidhreacht an Mhaifia atá á cur díobh

Ainmníodh an baile Sicileach, Agrigento, mar ‘Príomhchathair Chultúir 2025’ na hIodáile d’ainneoin an tionchair atá ag an Mhaifia Iodálach ar an bhaile. Agus Agrigento ag déanamh réidh chun an cultúr Sicileach a cheiliúradh agus turasóirí a mhealladh chun an oileáin, tá na póilíní logánta ag cur cosc earraí ar bith a bhfuil baint acu leis an Mhaifia a dhíol. Déanfar seo chun saibhreas seandálaíochta agus stair ailtireachta an bhaile a chur chun cinn, dar leis na húdaráis áitiúla.

Tá clú ar an tuath Shicileach as oidhreacht an Mhaifia; ar na mallaibh ghabh na póilíní seachtar a bhí páirteach i gcoireanna eagraithe agus le blianta anuas, tá siad ag dul i ngleic le gáinneáil ar dhrugaí, fuadaigh, agus sracaireacht.

Cé gurb ann don droch-cháil seo, tá na póilíní in Agrigento ag cinntiú nach mbeidh earraí bainteach leis an Mhaifia ar díol sna siopaí. Tabharfar cead dóibh iniúchadh a dhéanamh ar shiopaí féiríní agus ar shiopaí turasóirí, agus gearrfar fíneáil as ceannaithe ar bith a thairgeann earraí bainteach leis an drong.

Grianghraf: Temple of Concordia, Agrigento, an Iodáil. (Creidmheas: Andrea Mosti)

Go hiondúil, díolann siopaí cuimhneachán réimse leathan d’earraí Maifia, maighnéid agus T-léinte, gloiní biotáille agus pictiúir de Shiciligh gléasta i bhfeisteas traidisiúnta le ‘lupara’ ina nglaic. Dúirt Francesco Micciche, méara an bhaile, gur mhaith leis galántú an eagrais mhídhleathaigh a laghdú in ainneoin a thionchair ar an tsochaí áitiúil. Micciche a chuir cosc ar dhíol na n-earraí Maifia.

Leag comhairle cathrach Agrigento béim ar oidhreacht ilghnéitheach an bhaile agus an dóigh a dtarraingíonn coiriúlacht eagraithe droch-chlú air. Is minic a thugtar neamhaird ar na hiarsmaí seandálaíochta ón 5ú agus an 6ú haois RCR nuair ba choilíneacht de chuid na Gréige ársa é.

Le hailtireacht ghalánta ársa, mheánaoiseach, bharócach agus chomhaimseartha, chomh maith le hiarsmalann seandálaíochta, tá na húdaráis ag tabhairt oidhreacht spreagúil Agrigento chun solais. Beidh clár cultúrtha ann agus 44 togra nua a dhíríonn ar an nasc idir an cine daonna agus an dúlra.

Grianghraf: An ‘lupara’, téarma Iodálach a thugtar ar ghránghunna teasctha.

Taibhithe beo atá ar na himeachtaí is mó. Beidh an triúr ceoldrámta Iodálach a dhéanann popcheol, Volo, ag Valley of the Temples, agus tabharfaidh siad cuairteoirí ar thuras chuig tréimhse nuair a bhí Agrigento lán áilleachta lán onóra.

Seoladh an ‘Príomhchathair Chultúir’ san Iodáil in 2014. Tugann sé aitheantas do bhailte ar fud na tíre a léiríonn go bhfuil éacht déanta acu i dtaca le hoidhreacht chultúrtha an cheantair a chaomhnú agus a chur chun cinn. Dar le bord an togra, tugann seo muintir na háite agus cuairteoirí le chéile chun a mbaile a athmhúnlú sa todhchaí. Is mór an trua, áfach, don té atá ag súil le hataí feilte a bhfuil “I <3 Mafia” scríofa orthu a bheith ar fáil. (Bain triail as Brooklyn!)

SCÉALTA EILE