‘Ná fiafraigh díomsa faoi thruples – is oneple mise’

Labhair eagarthóir NÓS le Daithí Ó Ruaidh ó Seo Linn agus le Cathal Ó Ruaidh faoin aimsir bhrothallach atá ann faoi láthair, faoin taighde atá ar bun ag Cathal faoin tionchar a bhíonn ag DNA duine ar chúrsaí meabhairshláinte, agus faoin bpobal aiteach in Éirinn agus an ionadaíocht a dhéantar ar an bpobal sin ar na meáin agus in áiteanna eile.