SIAMSA: Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Óstán an Radisson Blu, Gaillimh / 22 Bealtaine @ 19:30
Táim ag súil go mór le Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a bheidh ar siúl in Óstán an Radisson anocht!
Tá an clár raidió ar a mbím ag obair, Cormac ag a Cúig, ainmnithe do chlár na bliana.
Ach ainneoin aon ainmniúchán, táim fós thar a bheith sceitimíneach faoi!
Bhíos i láthair ag an ócáid chéanna le dhá bhliain anuas agus bíonn ana-oíche ann.
Is deas bualadh le lucht na Gaeilge nach gcíonn tú ach uair sa bhliain, seans (ag an Oireachtas)!
Tá iomaíocht ghéar ann i mbliana, mar a bhíonn go hiondúil, agus duaiseanna le bronnadh in ocht rannóg cumarsáide ar fad.
Roghnófar plúr na ngearrliostaí ar an oíche sna catagóir: Sraith Teilifíse, Clár Raidió, Craoltóir Teilifíse, Craoltóir Raidió, Aisteoir, Scannán/Clár teilifíse, Iriseoir/Colúnaí, agus Láithreán Gréasán na bliana.
Den chéad uair ariamh tá duais faoi leith le bronnadh ar Réalta Óg na Bliana.
Tá cuid mhaith cainte cruthaithe faoin rannóg seo ar na meáin shóisialta agus foinsí eile cumarsáide.
Is le córas vótála a roghnófar an buaiteoir (as seisear) agus i measc na réaltaí atá ainmnithe tá an Nósadóir Cillian de Búrca!
Dúnadh na línte ag meán lae inné agus tá mo vótaí féin caite… ach fágad mar rún cé a fuair iad!
Fear an tí, Aengus Mac Grianna, a nochtfaidh ainm an bhuaiteora!
Beidh an láithreoir slachtmhar Fiona Ní Fhlaithearta ag fáiltiú i mbliana roimh na haíonna ar an gcairpéad dearg.
Táim féin ag tnúth lena rigout a fheiscint!
Ainmníodh Fiona níos luaite i mbliana do ghradam stíle de chuid na hirise VIP agus an t-aitheantas tuillte aici, dar liom.
Gúna gorm ón siopa COS a bheidh orm féin, a cheannaíos cúpla mí ó shin ach nach raibh deis agam a chaitheamh go fóillín.
Tá súil mhór agam go dtaitneoidh sé le Siún Ní Dhuinn agus Páidí Ó Lionáird, a roghnóidh an bhean agus an fear is fearr gléasta ón slua, dar leo.
Duaiseanna breátha le baint acu siúd a ainmnítear – deireadh seachtaine saoire in Óstán an Radisson, agus Óstán City West, ciseáin so-earraí colainne agus buidéil Seaimpéin.
LITRÍOCHT: Tionól na Mumhan 2015, Coláiste na Rinne, An Rinn / 22-24 Bealtaine
Bhí Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn ar cuairt ar Choláiste na Rinne le déanaí chun oscailt oifigiúil a dhéanamh ar leabharlann nua an ionaid.
Níl aon stad ó thaobh imeachtaí de, ar mhuintir na Rinne ó dheas, ach go háirithe lucht an choláiste.
An deireadh seachtaine seo eagrófar Tionól na Mumhan ann.
‘Sna Déise’ téama an tionóil i mbliana, atá eagraithe ag Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge.
Tá ana-mheascán ar chlár an deireadh seachtaine:
Labhróidh An tOllamh Pádraig Ó Macháin ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, mar gheall ar litríocht na nDéise.
Caint eile a chloisfear ná cur síos Mháire Seó Breathnach ar logainmneacha na háite.
Beidh turas ar an gceantar faoi stiúir Liam Suipéil agus beidh braon caife ar fáil, más mian libh é, agus sibh ag éisteacht le filíocht ó Mhicheál Ó Ruairc agus Áine Uí Fhoghlú.
Neart eile anuas air sin, ina measc Gradaim an Tionóil. Go n-éirí ádh leo.
CEOL: The Birdsong Project, St Nicholas Collegiate Church, Gaillimh / Dé Sathairn 23 Bealtaine
An bhfuil puinn amhrán faoi éin ar eolas agaibh?
‘Éiníní’, ‘Cuach mo Lon Dubh Buí’, An Dreoilín’, ‘An Londubh agus an Chéirseach’.
Faighim deacair a dhóthain é smaoineamh ar a thuilleadh! Ó, ‘An Eala Bhán’ le Capercaillie.
Seans go mbeidh cuid acu seo thuasluaite le clos ag an gceolchoirm dheireanach de chuid na sraithe, The Birdsong Project, a bheidh ar siúl sa Ghaillimh Dé Sathairn.
Seo an cheolchoirm mhór dheireanach sa tsraith a bhí ar siúl i gcúigí uile na tíre, agus san Ardchathair, le tuairim is mí anuas, agus tá na hamhráin ar fad a chantar ag na hócáidí seo bainteach, slí éigin, le héin.
Páirteach i gcoirm an tSathairn beidh Tim Lyons, Mary McPartlan, Anne Skelton, Brian O’Rourke, Martin Ryan agus Johnny Mháirtín Learaí.
Seachas na ceolchoirmeacha móra, tá seisiúin amhránaíochta ar siúl timpeall na tíre ar fad mar chuid d’imeachtaí an tionscnaimh chomh maith.
Beidh siad seo ar siúl i gCill Dara, Loch Garman, Gaillimh, An Clár agus Baile Átha Cliath as seo go deireadh na míosa.
Liosta iomlán le feiscint ar thebirdsongproject.com