Na Gradaim Chumarsáide

Sea, tá an tOireachtas buailte linn faoi dheireadh agus cúpla lá agus oíche craiceáilte romhainn amach as seo go dtí an Domhnach. Coimeád súil ar nos.ie chun cuntas a fháil ar bhuaic-imeachtaí siamsaíochta na féile, dar liomsa, as seo go ceann cúpla lá!


Gradam Uí Shúilleabháin agus Réics Carló, Óstán Brehon, Cill Airne @ 15:00

Dé Céadaoin lá agus oíche na nGradam ag an Oireachtas, is léir sin! Ní hamháin go mbeidh na Gradaim Chumarsáide á mbronnadh, (féach thíos), ach bronnfar na gradaim liteartha chomh maith. Inniu a fógrófar buaiteoirí Ghradam Uí Shúilleabháin, Ghradam Reics Carló agus buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais. Tá suimeanna breátha airgid le fáil acu siúd ar a mbronnfar na haitheantais sin. €2,500 a gheobhaidh údar an tsaothair i rannóg Uí Shúilleabháin (leabhair do dhaoine fásta), agus €5,000 don bhfoilsitheoir. Mar a chéile, bronnfar €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair a roghnófar do Ghradam Réics Carló (leabhair do dhaoine óga), €1,250 d’údar an leab- hair, agus €1,250 do mhaisitheoir an tsaothair. Tá gearrliostaí na gcatagóirí le feiscint anseo, go mbeidh sibh in ann na buaiteoirí a thuar sula bhfógrófar iad ag oscailt oifigiúil na féile!

An Cairpéad Dearg, Na Gradaim Chumarsáide, Seomra Mangerton, Óstán Ghleann an Iolair @ 19:30
Rud amháin iad na Gradaim Chumarsáide féin, ach buaic eile ar fad a bhaineann leis an imeacht seo,ná an stíl! …agus bydad beidh stíl le feiscint tráthnóna ar an gcairpéad dearg. Cara mór mo chléibh, Siún Ní Dhuinn a bheidh i mbun cainte leo siúd a bheidh ag siúl suas is anuas os comhair na gceamaraí, na ndaoine agus iad siúd atá ag faire aige baile; agus ceisteanna á gcur aici faoi na héadaí atá á gcaitheamh acu. Tá mo ghúna féin roghnaithe faoi dheireadh, ag súil nach mbeidh aon wardrobe malfunction, nó vardr-úps mar a tugadh air ar an gclár Bláthnaid Libh ar Raidió na Gaeltachta, mar chuid don tsraith #GaeilgeChliste (atá ainmnithe d’Fheachtas Meán Sóisialta na Bliana dála an scéil!). Is féidir an stíl ar fad a fheiscint ó do sheomra suí más áil leat é, ach dul chomh fada le tg4.tv nó antoireachtas.ie

Craoladh Beo ón Oireachtas, Nuacht TG4, Óstán Ghleann an Iolair @ 19:00
Tá gach seans ann nach mbeidh na héinne in ann freastal ar an bhféile go deireadh na seach- taine, de bharr chúraimí oibre agus teaghlaigh. Má tá tú i measc na ndaoine nach mbeidh i gCill Airne go dtí sin, mholfainn duit Nuacht TG4 a chasadh ar siúl tráthnóna Dé Céadaoin, go ngeob- haidh sibh réamhbhlaiseadh den spraoi i gCill Airne na Ríochta, mar go mbeidh criú na nuachta ag craoladh ón láthair agus n’fheadar éinne cé a tharraingeoidh siad chomh fada lena gceamaraí chun blúire cainte a dhéanamh leo!

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle @ 20:00
Oscars na Gaeilge! Whoop… tá mé ag súil go mór le hócáid na hoíche anocht, nuair a bhronnfar gradaim go leor orthu siúd atá ag plé leis na meáin chumarsáide. B’fhéidir nach gceapfadh gach duine go bhfuil fiúntas ag baint lena leithéid, ach mar dhuine atá ag plé leis an gnó seo, táim buíoch go bhfuilid ann. Rud amháin iad na Gradaim, ach ar an taobh eile, is mór agam an deis bualadh leo siúd atá ag treabhadh i ngort céanna na meán, nach n-éiríonn liom iad a fheiscint go minic. Tarlóidh amhlaidh anocht áfach! Ádh mór leis na hiomaitheoirí ar fad!
Mura mbíonn sibh in ann a bheith i láthair, ná bí buartha – cífidh sibh an t-aicsean ar fad ón ócáid bhronnta ar tg4.tv agus antoireachtas.ie

SCÉALTA EILE