Na hEalaíona san Ardchathair

Ní fearr tréimhse ar bith eile chun imeachtaí ealaíon na hardchathrach a scagadh ná tréimhse seo an chomórtha, 100 bliain i ndiaidh réabhlóid na bhfilí, na ndrámadóirí agus na smaointeoirí. Shiúil Eoin P. Ó Murchú an chathair.


DRÁMAÍOCHT: ‘An Filleadh’/Amharclann na MainistreachAn Filleadh

Chuas Luan na Cásca le breathnú ar an dráma An Filleadh, le Alan Titley, a bhí á léiriú ag Gaelcholáiste an Phiarsaigh.

Ar an gcéad dul síos is gá a rá go bhfuil léirithe gairmiúla Gaeilge agus Béarla feicthe agam nach raibh aisteoireacht chomh maith leis seo le feiceáil iontu.

Tá lucht na chéad bhliana agus na dara bliana le moladh go mór as a dtaispeántas cumasach.

Bhí an dráma féin suimiúil: tugadh a gceart do leithéidí Chonradh na Gaeilge agus rinneadh iarracht leaganacha éagsúla den stair a chíoradh.

Bhí an deireadh as alt le fírinne an scéil áfach agus bualadh críoch shona anuas air gan choinne.

Mar dhráma scoile áfach bhí sé fíormhaith agus tá moladh tuillte ag daltaí agus foireann na scoile. Gach rath orthu.

Is náire shaolta don Amharclann “Náisiúnta” gurb é an dráma maith scoile seo an t-aon léiriú Gaeilge a bheidh ar a n-ardán i mbliana.

Cuimhnigh go raibh spás ann do dhráma Araibise agus do 9 gcinn eile i mBéarla anuas ar go leor leor imeachtaí eile Béarla.


CEOL COMHAIMSEARTHA: ‘Future Composers’/An Monarcha Seacláide

Future

Is áit ríshuimiúil é The Chocolate Factory atá suite mar a mbíodh fíormhonarcha seacláide tráth ar Shráid Óstaí an Rí i lár Bhaile Átha Cliath.

Is seanmhonarcha í a bhfuil a cuid putóg ar fad bainte le slí a dhéanamh don ealaín.

Tá caife deas BLAS thíos staighre ann agus spás mór uaimhiúil thuas.

Is cinnte go bhfillfidh mé ar an áit seo arís.

Thug an t-imeacht seo trí ghrúpa le chéile: The Dublin Laptop Orchestra, Kirkos Ensemble agus Tonnta le meascán de ghuthanna, ríomhairí agus ceol uirlise a chur os ár gcomhair.

Baineadh úsáid as samplaí fuaime agus gairis bheaga mheasctha le meascán mearaí d’fhuaimeanna a chur isteach inár gcluasa.

Caithfidh mé a admháil gur minic a mhothaigh mé nár thuigeas i gceart deise an cheoil mar gur dúshlánach agus gur neamhchoitianta na píosaí a bhí i gceist.

Suíomh álainn a bhí lasta go draíochtúil a bhí ann áfach, agus tugadh ábhar machnaimh agus ceoil dom.

Nach fiú do chuid teorainneacha féin a bhrú i gcónaí?


SCANNÁN: ‘Sing Street’, BÁC mar a bhí sna hOchtóidí/ Pictiúrlanna na tíre.

sing

Má theastaíonn uait tráthnóna an-taitneamhach a chaitheamh, téigh le breathnú ar Sing Street.

Seo an tríú scannán le John Carney tar éis an scothscannáin Once agus iarracht mhaith Begin Again.

Leanann sé Conor (Ferdia Walsh Peelo) agus é ag aistriú go scoil phoiblí nua.

Baineann sé úsáid as an gceol chun an saol a thuiscint agus aird an spéirchailín a tharraingt air féin. (Dála an scéil, deartháir níos óige é Ferdia leis na deartháireacha Walsh Peelo ó Mo Hat Mo Gheansaí.)

Tá móraisteoirí Éireannacha ann chomh maith, Maria Doyle Kennedy, Aiden Gillen agus Jack Reynor, cé go bhfuil rud éigin faoi chanúint Reynor a chuireann isteach ar imeachtaí anseo…

Tá an dóchas agus an sonas i gceist le Sing Street ach tá rud éigin duairc dorcha faoin am a caitheadh atá á léiriú ann.

Ní hé is fearr de shaothar Carney ach cuirfidh sé meangadh ar d’aghaidh agus tabharfaidh sé pléisiúr duit BÁC mar a bhí a aithint.

SCÉALTA EILE