Scríobh mé cúpla alt ar na mallaibh inar phléigh mé Fionn agus roinnt de na carachtair is tábhachtaí sna scéalta Fiannaíochta. Cé go bhfuil carachtair (go leor acu) eile arbh fhiú iad a phlé, tá seans nár mhiste roinnt de na naimhde a bhí acu a phlé, fosta.
D’fheidhmigh na Fianna mar a bheadh arm cosanta na tíre ann. Bhí orthu an ruaig a chur ar dhaoine a rinne iarracht Éire a chur faoi smacht go minic agus pléifidh mé ceathrar ionsaitheoirí thíos.
Airghinn Mór
Is scéal é ‘Laoi an Airghinn Mhóir’ a bhí an-choitianta in Éirinn agus in Albain. Cuireann Naomh Pádraig ceist ar Oisín faoin troid ab fhíochmhaire a bhí ag na Fianna riamh agus seo é! Dar le hOisín, d’eagraigh Fionn féasta ach rinne sé dearmad cuireadh a thabhairt do Chaoilte agus do dhuine eile darb ainm Ailte (nó leagan den ainm sin litrithe ar bhealach eile).
Agus fearg ar an bheirt, fágann siad an tír agus téann siad a fhad leis na tíortha Lochlannacha. Faigheann siad post le rí ansin agus fanann siad ann ar feadh bliana. I ndiaidh bliana, luíonn bean chéile an rí agus Ailte le chéile. Ní nach ionadh, tagann fearg ar an rí faoi seo agus bíonn ar Chaoilte, ar Ailte, agus ar bhean an rí pilleadh ar Éirinn. Cé go raibh titim amach eadarthu an bhliain roimhe, tá Fionn agus na Fianna sásta go leor cuidiú leo. Tagann an rí agus a arm ina dhiaidh sin agus iad ag iarraidh díoltas a bhaint amach.
Déanann Fionn iarracht cúiteamh a thabhairt ach diúltaíonn an rí. Maraíonn sé Ailte agus leath na bhFiann sula maraíonn Goll an rí. Mar sin de, níl cuid mhór eolais againn faoin duine seo Airghinn. Níl d’eolas againn ach gur rí sna tíortha Lochlannacha é agus gur mharaigh Goll é.
Scéal é seo, mar atá le sonrú ón achoimre, ina dtarraingíonn na Fianna trioblóid orthu féin. Tarlaíonn rud cosúil leis seo i scéal an-chlúiteach, Cath Fionntrá, a phléifidh mé in alt eile.
An Fiach agus Bua-Gach-Áir
Scéal é seo atá go maith cosúil leis an cheann thuas ach amháin nach ndéanann na Fianna aon rud chun fearg a chur ar an ionsaitheoir. Beirt deartháireacha ab ea iad seo, mic rí na hIndia. Dar le leagan amháin, shocraigh An Fiach, agus é bliain is fiche d’aois, gabháil amach agus an bua a fháil ar achan laoch eile sa domhan. Chloígh sé achan laoch in achan tír ach amháin Éire. Mhol a mháthair dó gan gabháil go hÉirinn nó ní raibh duine ar bith in ann an bua a fháil ar Gholl. Ba dheirfiúr le Goll í seo, mar atá mínithe ag scéalaí amháin. Bíonn troid mhór ann ach faigheann Goll an bua sa deireadh.
Socraíonn Bua-Gach-Áir gabháil a throid le Goll chun díoltas a bhaint amach ar bhás a dhearthár. Impíonn a mháthair air gan seo a dhéanamh nó tuigeann sí go bhfuil Goll róláidir ach gríosaíonn a athair é chun troda. Arís, bíonn troid mhór ann agus bíonn cuidiú de dhíth ar Gholl ach faigheann na Fianna an bua.
Iníon Rí na Gréige/An Bhean Mhór
Ceann de na scéalta Fiannaíochta is coitianta ar fad é ‘Eachtra na Mná Móire Thar Lear’. Sa scéal seo, déanann an bhean seo, atá an-mhór agus gránna, de réir dealraimh, iarracht Fionn a phósadh. Míníonn sí go bhfuil sí in Éirinn ar feadh trí mhí i ngan fhios do na Fianna. Diúltaíonn Fionn í agus maraíonn sí thart fá 50 ball de na Fianna. Deir Fionn go bhfuil sé pósta ar dheirfiúr Ghoill agus go bpósfadh sé í ach amháin sin.
Téann sí ansin chuig Goll, nach bhfuil leis na Fianna eile, chun é a mharú. Maireann an troid eadarthu naoi lá gan aon bhuaiteoir ach is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar ag an bhean.
Sa deireadh, éalaíonn na baill eile de na Fianna, a bhí ceangailte ag iníon an rí, agus tagann siad chun cuidiú le Goll. Maraíonn Oscar an bhean.
Is scéal brónach é seo nó míníonn an bhean gur iníon le rí na Gréige í ach go ndearna draoi tairngreacht i láthair an rí agus duirt sé, “Más é go mbeidh mac ag an bhean seo le rí nó taoiseach, beidh an mac sin ina rí ar an domhan agus maróidh an mac an rí (a sheanathair).”
Mar gheall air seo, chuir an rí a iníon faoi dhraíocht go mbeadh cuma ghránna uirthi agus nach mbeadh fear ag iarraidh mac a bheith aige léi.
Is léir go mbíonn meascán de naimhde ag na Fianna. Ceann amháin thuas, rinne ball de na Fianna drochrud air ar dtús. Duine eile, ní raibh sí ag iarraidh ach draíocht a chuir a hathair uirthi a bhriseadh (cé nach raibh a fhios ag na Fianna faoi sin). Ní raibh ach An Fiach go hiomlán santach chun a bheith ionraic nó is féidir a rá gur rud uasal é iarracht a dhéanamh díoltas a fháil ar bhás do dhearthár. Is léir, mar sin de, cibé namhaid a rinne ionsaí ar Éirinn, agus cibé cúis a bhí acu, go raibh na Fianna i gcónaí ann chun muid a chosaint.