Naomh Pádraig agus tiontú Chroim Dhuibh ar an Chríostaíocht

Is mór an tábhacht atá ag Naomh Pádraig sna scéalta Fiannaíochta mar a phléigh mé in alt eile ar na mallaibh, ach bhain go leor eachtraí suimiúla don naomh agus é leis féin gan Oisín nó Caoilte ag tacú leis!

Nuair a smaointím féin ar Lá Fhéile Pádraig agus mé i mo pháiste, is cuimhin liom a bheith ag freastal ar aifreann agus éadaí glasa orm nó a bheith ag gabháil chuig mórshiúl. Agus mé i mo dhéagóir (agus luath sna fichidí), rinne mé ‘an tseamróg a bhá’ in ómós do Phádraig achan bhliain. Anois, agus ciall tagtha le haois, bím ag smaointiú ar a ndearna na glúnta imithe romhainn chun an lá, agus Pádraig féin, a cheiliúradh.

Tá scéalta ann a ritheann linn láithreach. Dhíbir sé na naithreacha ón tír seo, mar is eol dúinn uilig. Tá an scéal faoin bhuachaill óg, fuadaithe agus ina sclábhaí ar eolas againn, dar ndóigh. Chuala muid uilig trácht ar an dóigh ar éalaigh sé, agus an dóigh ar thug Dia teachtaireacht dó chun pilleadh ar Éirinn na blianta ina dhiaidh sin agus é ina shagart. Tá tuairim mhaith againn den mhéid a rinne sé ansin, é ag gabháil thart fán tír ag iarraidh an Chríostaíocht a chur chun cinn.

Bhí go leor scéalta ginearálta faoin Naomh, fosta. Ceann de na scéalta is fearr liom faoi Naomh Pádraig ná scéal as Contae na Gaillimhe ina gcuireann sé an ruaig ar an diabhal féin. Dar leis an scéal seo, bhí Naomh Pádraig ag troscadh ar Chruach Phádraig nuair a tháinig an diabhal “d’á chiapadh ag iarraidh a chreideamh a lagughadh” (á chiapadh agus ag iarraidh a chreideamh a lagú).

Ní raibh aon arm ag Naomh Pádraig chun an diabhal a chur ar shiúl uaidh agus thosaigh sé a bhualadh dhá phota le chéile. Rinne Pádraig seo nó thuig sé go raibh an fuath ag an diabhal ar chloigín ag bualadh (chuir seo aifreann i gcuimhne dó) agus theith an diabhal leis. Níor chuir an diabhal isteach ar Naomh Pádraig ina dhiaidh sin.

Is aoibhinn liom seiftiúlacht na scríbhneoireachta agus is sampla iontach de sin é an scéal seo. Seo an scéal faoi Íosa san fhásach ach naomh de chuid na tíre seo curtha isteach ann. Níl fásach ann in Éirinn, dar ndóigh, ach tá sliabh luaite leis an naomhfhear agus tá sin curtha isteach ina áit. Nár chliste na scéalaithe a tháinig romhainn?

Tá cúpla scéal faoi Phádraig caomhnaithe sa chuntas seo ó Ghaillimh. Tá scéal amháin a deir go raibh solas le feiceáil ar oileán beag (gan ainm an oileáin a bheith luaite) agus go bhfuair achan duine a chonaic an solas seo bás. Rinne Pádraig comhartha na croise i dtreo an tsolais agus múchadh é láithreach.

Tá scéal aige sa chuntas seo ina ndéanann págánach iarracht Pádraig a mharú trí mhadadh ina bhfuil nimh ann a thabhairt dó dá dhinnéar. Aithníonn Naomh Pádraig cad a bhí ag gabháil ar aghaidh agus déanann sé an madadh a aiséirí ón mharbh.

Is cosúil, má chuireann muid fianaise ón scéal seo ó Mhaigh Eo san áireamh, gurb é Crom Dubh an págánach sin agus go raibh titim amach aige le Pádraig. Mar gheall ar chapall le Crom Dubh a fuair bás nuair a bhí ar Chrom cuairt a thabhairt ar Phádraig chun tarbh (a sciob Pádraig ó Chrom) a fháil ar ais.

Dia págánach ab ea Crom Dubh i dtús ama agus tá scéalta ann faoina throid le Pádraig agus an bua ag an Chríostaí. Le himeacht ama, déantar gnáthdhuine de Chrom Dubh sna scéalta agus is minic go dtiontaíonn sé ar an Chríostaíocht i ndiaidh dó na míorúiltí a dhéanann Pádraig a fheiceáil.

Tá go leor scéalta eile ann dar ndóigh agus is annamh nach gcuitítear tamall ag gabháil fríd an ábhar atá ar fáil ar duchas.ie!

Tá cúrsa ar fhéilte na bliana ar fáil anseo.

SCÉALTA EILE