Pop Up Gaeltachtaí / Pygmalion, Ionad Theach an Phaoraigh, BÁC, Déardaoin 25 Eanáir @ 20:00 + Canty’s, Sráid Pheambróg, Corcaigh, Dé hAoine 26 Eanáir @ 20:00 + The Central, An Uaimh, Co. na Mí, Dé hAoine 26 Eanáir @ 20:00 + Rafferty’s, Cathair Ard Mhacha, Dé hAoine 26 Eanáir @ 21:00
Is mó teacht le chéile Gaelach a bheidh ag preabadh aníos sa tseachtain seo romhainn mar go mbeidh na sluaite ag bailiú le chéile in ionaid éagsúla, i mbailte éagsúla na tíre!
Táim féin ag súil go mór le hócáid na hoíche anocht i dtábhairne Pygmalion na príomhchathrach.
Is fada ó bhíos ag Pop-Up Gaeltacht, agus táim ar bís le bualadh le sean-chairde agus cairde nua, seans, chomh maith!
Is i gcontae na Reibiliúnaithe, i gcathair bhreá Chorcaí, a bheidh lucht labhartha na teanga ag bualadh le chéile ar an Aoine.
Is i Canty’s a bheidh siad ó 8in agus beidh fáilte, mar is dual, roimh chách!
An oíche chéanna i gcontae na Mí beidh fáilte Uí Cheallaigh roimh na daoine a bheidh ag triail ar thábhairne The Central san Uaimh, mar gur ann a bheidh dream atá báúil don Ghaeilge chomh maith.
Mar sméar mhullaigh ar sin ar fad, tá ócáid eile faoi theideal sin na Pop-Uipe (mar a bhaist Dáithí de Mórdha air!) ar bun in Ard Mhacha.
Rafferty’s an tábhairne atá roghnaithe acu d’imeacht an lae amárach.
Ádh mór leo ar fad, agus dorn go tréan san aer dos na Gaeil.
Féile Cheoil Thraidisiúnta Bharra an Teampaill (Tradfest) / 24-28 Eanáir, ionaid éagsúla timpeall BÁC
Tá raidhse imeachtaí ar chlár Tradfest Bharra an Teampaill agus moladh mór tuillte ag lucht a eagraithe dá bharr.
Cé nach bhfuil ticéad ar bith fágtha cheana fhéin do chuid de na himeachtaí, tá an oiread sin beartaithe nach mbeidh cúis agaibh a bheith díomhaoin más sa phríomhchathair sibh as seo go dtí an Domhnach!
Seo díreach blaiseadh beag do na coirmeacha a tharraing mo shúil agus mé ag féachaint ar chlár na féile:
Laochra an cheoil thraidisiúnta, Stockton’s Wing, a thabharfaidh faoi thrí ionad éagsúla i gcroílár na cathrach sna laethanta romhainn.
Is i dtigh tábhairne The Temple Bar a bheidh siad anocht; tábhairne The Norseman amárach agus sa Merchant’s Arch Dé Sathairn.
Is í an cláirseoir Laoise Kelly a bheidh le clos ag seinnt ceol binn i Séipéal Werburgh’s Dé Sathairn.
Bancheoltóir eile a bhfuil meas mór uirthi ná Máiréad Ní Mhaonaigh agus is i gCaisleán Ráth Fearnáin a bheidh sí ar an Domhnach.
Anuas air sin ar fad, beidh Paddy Casey, The 4 of Us, The Fureys, Tim Edey agus an banna cumasach ceoil This is How we Fly páirteach!
Gach eolas ach cuairt a thabhairt ar tradfest.ie
Rónán Ó Snodaigh & Simon O’Reilly / The Courthouse Gallery & Studios, Inis Díomáin, Co. an Chláir, Dé hAoine 26 Eanáir @ 20:30 + The Stormy Teacup, Luimneach Dé Sathairn 27 Eanáir @ 21:00
Tá na ceoltóirí Rónán Ó Snodaigh agus Simon O’Reilly ar camchuairt an tseachtain seo.
Tráthnóna Aoine beidh siad i gContae an Chláir, in Ionad na Cúirte, (The Courthouse Gallery & Studios), in Inis Díomáin.
Ansin déanfaidh siad a slí go Luimneach agus chuig an Stormy Teacup ar an Satharn.
Is cumadóir, giotáraí agus léiritheoir ceoil é Simon atá lonnaithe in iarthar na tíre agus a bhfuil tréimhsí caite aige ag obair le Davey Spillane, Twin Headed Wolf agus Luka Bloom ina measc eile.
Is beag léitheoir de chuid na hirise seo nach bhfuil cur amach orthu ar Rónán Ó Snodaigh, shamhlóinn!
Siamsóir na Mí 2018 / Ráth Chairn, Dé Sathairn 27 Eanáir @ 18:30
Roghnófar Siamsóir na Mí 2018 an deireadh seachtaine seo ag ócáid i Ráth Chairn!
Bronnfar gradam ar iomaitheoir a bheidh in ann trí rud a chur i láthair ar stáitse, gan aon Bhéarla a úsáid.
Is féidir leo amhrán a chanadh, dán nó scéal a aithris, píosa ceoil a sheinnt nó cúpla steip a dhéanamh!
Tráthnóna siamsaíochta atá geallta agus oíche cheoil chomh maith sa Bhradán Feasa!
Kíla & Árchú / Féile IMBOLC, Doire, Dé Domhnaigh 28 Eanáir @ 20:00
Beidh Rónán Ó Snodaigh gnóthach sa tseachtain amach romhainn (féach thuas) mar go mbeidh sé féin agus baill eile Kíla ag seinnt an deireadh seachtaine seo ag oscailt oifigiúil na féile ceoil idirnáisiúnta, IMBOLC, a bheidh ar bun i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire.
Is iad Kíla a chuirfidh tús ceolmhar leis na himeachtaí nuair a osclófar an fhéile go hoifigiúil ar an Domhnach.
Beidh an banna Árchú (Eoghan Mac Giolla Bhríde, Niall Hackett, Guillaume Beauron, Seán Cathal Ó Coileáin agus Éimhear Nic Comhaill) ina gceoltóirí taca… abair oíche!
Tuilleadh eolais faoin fhéile ar imbolcfestival.com