“Ní ann do Niseag” — eolaithe as an Nua-Shéalainn

Tá ráite ag grúpa eolaithe a bhí ag obair in Albain le tamall le breis agus bliain anuas nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil ollphéist ina cónaí i Loch Nis, neach ar a dtugtar ‘Niseag’ i nGàidhlig na hAlban. 

Bhí an tOllamh Neil Gemmell ó Ollscoil Otago agus a fhoireann ag tástáil an uisce in os cionn dhá chéad láthair éagsúil timpeall an locha mhóir i lár na hAlban agus iarracht á déanamh acu breith ar fhianaise DNA d’ainmhí mór ann. 

Anuas ar an an uisce féin bailíodh cleití, craiceann, gainní, fionnadh agus ábhar eile ó ainmhithe eile atá ina gcónaí sa loch agus sa gceantar máguaird agus cuireadh chuig saotharlanna ar fud an domhain iad.

Dúirt an tOllamh Gemmell maidin inniu nach bhfuil “fianaise ar bith” ann go bhfuil reiptíl, beag nó mór, ina cónaí i Loch Nis. 

“Tá muid ionann is cinnte nach bhfuil reiptíl mór gainneach ag snámh timpeall Loch Nis. Seans go bhfuil cat mór mara ann ach níor tháinig muidne ar aon cheann acu.Tá go leor DNA ó eascanna in Loch Nis, agus is iomaí eascann atá sa loch agus na huiscebhealaí timpeall air. An bhféadfadh sé gurbh eascann ollmhór a chonaic na daoine? Bhuel, d’fhéadfadh. Níl a fhios againn an eascann ollmhór amháin nó go leor eascann beag atá san ábhar DNA a d’aimsigh muid. D’fhéadfaí tuilleadh tástála a dhéanamh air,” a dúirt an t-ollamh. 

Níor thángthas ar aon fhianaise go mbíodh reiptílí mór millteacha sa loch fadó ach an oiread agus ceann de na teoiricí móra faoi Niseag — gur dineasár a mhair na cianta in uisce domhain an locha í — bréagnaithe freisin. Cinneadh freisin nach bhféadfadh siorc beagcheannach — ainmhí a mhaireann suas le 500 bliain — a bheith i Loch Nis ach an oiread. 

Ar ndóigh, ní ar thóir Nisig bhí eolaithe Ollscoil Otago ach i mbun taighde ar na plandaí agus na hainmhithe atá sa loch. Ba le linn an taighde sin a thángthas ar an DNA ó na heascanna, a dhéanann turais mhóra fhada ó na Bahámaí go hAlbain gach bliain. 

“Is breá leis an bpobal mistéir, agus bhain muid úsáid as modhanna eolaíochta le caibidil eile a chur le scéal Loch Nis. Níor aimsigh muid aon fhianaise d’ainmhí atá cosúil le [Niseag] inár dtaighde. Mar sin, tá brón orm, ach ní dóigh liom go bhfuil aon bhunús le teoiric an phléiseasáir, de réir an eolais atá faighte againn. 

“Níl aon DNA siorc i Loch Nis bunaithe ar ár dtástáil. Níl aon chat mara i Loch Nis bunaithe ar ár dtástáil. Níl rian den bhradán fearna ann ach an oiread. Tá go leor DNA ó eascanna ann. Is iomaí eascann i Loch Nis agus a DNA i ngach áit a raibh muid — tá go leor acu ann. Mar sin — an eascann mhór í [Niseag]?,” a dúirt sé. 

Cuntas Éireannach is ea an chéad chuntas atá againn d’arracht mór i Loch Nis in Albain. Bhí an naomh Éireannach Colm Cille ar thuras in Albain nuair a chonaic sé ainmhí mór allta in Abhainn Nis in 565AD. Shábháil an naomh fear a bhí ag taisteal leis agus dhíbir an t-ainmhí go bun na habhann, de réir an tseanchais. 

Níor chualathas mórán faoin ollphéist arís go dtí an an céad seo caite, nuair a foilsíodh roinnt tuairiscí faoi ar nuachtáin sa Bhreatain agus i dtíortha eile. 

Is beag duine in Éirinn agus sa Bhreatain nár chuala faoi Niseag faoin am seo, agus tá cáil mhór  ar fud an domhain ar an Loch Ness MonsterNessie mar a thugtar uirthi sa Bhéarla. 

SCÉALTA EILE