Aimsir an Oireachtais. Tá sé tamall ó a d’airigh muid na sceitimíní seo sna seachtainí roimh dháil mhór na nGael. Féile na Gaeilge ina nglacann muid seilbh ar cheantar ar feadh seachtaine agus ceiliúradh á dhéanamh againn ar ár gcultúr. Rud a bhí go hiomlán in aghaidh an dlí cúpla céad bliain ó shin. Tóstal na siamsaíochta á reáchtáil in aimsir shean-fhéile na Samhna. Mar a deirtear anseo i gConamara:
‘Níl a bhetter ann’.
Níl a bhualadh le fáil ar chor ar bith. Gaeil ag cruinniú as chuile cheard den tír, as ceantracha Gaeltachta agus as ceantracha Galltachta agus muid in ann beagnach seachtain iomlán a chaitheamh agus an Ghaeilge mar chéad rogha labhartha. Ní bhfaighfeá an ceadúnas sin i rith Sheachtain na Gaeilge (tá an chasaoid sin déanta agam cheana, ní chuirfidh mé iallach ort é sin a chloisteáil arís).
Is iad na comórtais croílár na féile, agus is dóigh nach mbeadh an tOireachtas ann murach iad. Is iontach iad don lucht féachana, ag caitheamh scaithimhtí den lá ag gabháil isteach agus amach ag comórtas steip, nó ag éisteacht leis na hagallaimh bheirte agus na sceitsí agus ansin oíche Dé Sathairn an seó mór. Corn Uí Riada.
Meastú cé a ghnóthóidh i mbliana?
Cé a gheobhaidh glaoch ar ais?
Ag marcáil an chláir an fhad agus a bhíonn an láithreoir ag glaoch na n-ainmneacha don ghlaoch ar ais. Ag tógáil soicind leis an “gclár nua” a phróiseáil. Tosaíonn an comórtas arís…
Ach cuir ceist ar dhuine ar bith a bhíonn thuas ar an stáitse sin agus déarfaidh a bhformhór leat gur gránna an rud é comórtas. Níl sé go deas. Níl nádúr ar bith ag baint leis na soilse agus na moltóirí agus an halla mór millteach.
Creid é nó ná creid ach níor chum Raiftearaí dán riamh a cheap sé a bheadh feiliúnach don INEC. Is i dtithe tábhairne nó i seomraí suite nó amuigh ag obair a bhí na hamhráin le roinnt.
Beidh mé féin san iomaíocht i gComórtas na bhFear i mbliana ag gabháil fhoinn ar an sean-nós agus bhí mé istigh ar chomórtais sean-nóis an Oireachtais chuile bhliain ó a bhí mé 15. Chuile bhliain is é an scéal céanna é.
Meastú an dtosóidh mé ar an nóta ceart?
Meastú an ngabhfaidh mé amú sna focla?
Meastú an mbrisfidh mo ghlór nó an sleamhnóidh sí ar bhealach nach raibh sí ceaptha?
Gan trácht ar an am den bhliain ina bhíonn an tOireachtas. Tús an gheimhridh. Smaoisíl agus slaghdáin, scornacha tinn agus casacht, liopaí ag triomú agus ag scoilteadh sa bhfuacht. Ní fhéadfá mórán eile a chur in aghaidh duine atá ag iarraidh amhrán a rá.
Bíonn brú mór millteach ag baint leis. Ní amháin go bhfuil tú do do chur ar taispeántas os comhair an tsaoil ach caithfear ansin buaiteoir a phiocfaidh faoina dheireadh.
Scríobh mé cheana faoin seisiún a bhíonn againn anseo chuile sheachtain. Na flaithis i gCois Fharraige. Luaigh mé an chaoi is nach bhfuil breithiúnas ná brú ach chuile dhuine is a chuid siamsaíochta féin. Sin é an áit a bhfuil nádúr leis na hamhráin agus na scéalta agus an ceol.
Ach tá fiúntas leis an bhféile seo. Cruinníonn muid uilig agus bíonn craic againn. Agus an rud is tábhachtaí: spreagann na comórtais muid uilig leis an gcultúr a choinneáil beo. Mar gheall ar chomórtais bíonn sceitsí agus agallaimh beirte nua á gcumadh chuile bhliain i nGaeilge bhreá shaibhir. Mar gheall ar na comórtais bíonn scéalta á n-inseacht, bíonn ceol á sheinm, bíonn adhmad á réabadh ag bróga damhsa.
Is óna bheith ag breathnú ar mo mháthair féin ag réiteach le haghaidh Chomórtas na mBan agus Corn Uí Riada chuile bhliain a chuir mise suim in amhránaíocht i mo chuid déaga agus tá mé chomh sásta gur chuir. Ní cheapfainn go mbeadh a leath oiread suime ag daoine óga sna hamhráin murach na comórtais agus mura ndéanann siad tada ach amhráin a chur i mbéal daoine óga le go mbeidh siad acu ina ndaoine fásta nuair a bheidh siad in ann a thuiscint go bhfuil an oiread le fáil astu ó shaibhreas teangan go léargas ár sinsear ar an saol. Go mbeidh an stór mór scéalaíochta seo ag daoine a d’fhéadfadh an oiread eile cruthúlachta a spreagadh iontu féin. Cá bhfios cé mhéid Raiftearaí eile atá inár measc.
Cé gur mór an t-ualach struis é an tOireachtas amannta is maith ann é agus go mba fada buan é. Feicfidh mé i gCill Airne sibh, a chairde!