‘Ní bheidh grá agam do Lá Fhéile Pádraig go deo’

Is é seo an t-am den bhliain is fearr in Aotearoa (an Nua-Shéalainn). Tá teas an tsamhraidh laghdaithe agus níl drochaimsir an gheimhridh linn go fóill. Is féidir fanacht amuigh faoin ngrian gan a bheith dóite laistigh de dheich nóiméad. Cinnte, tá an éigeandáil breosla buailte orainn, agus costas an bhia san siopaí ag dul in olcas gach aon lá ach tá an saol go breá mar sin féin. Nó bheadh, ach tá scamall dorcha amháin sa spéir ag teannadh linn – an lá is measa sa bhliain, Lá Fhéile Pádraig. Is focal dian, crua é an focal “fuath” agus ní bhainim úsáid as ach go hannamh, ach is fuath liom Lá ‘le Pádraig!

Is dóigh liom gur peaca marfach é sin a admháil agus mise i m’Éireannach thar lear, agus gan dabht bheadh malairt tuairime ag formhór de na hÉireannaigh idir óg agus aosta atá ag cur fúthu in Aotearoa, ach tá sé fíor i mo chás féin. 

N’fheadar ar thosaigh sé nuair a bhí mé i mo gharsún óg i gCill Airne, préachta leis an bhfuacht agus a fanacht le tús na paráide. Bhí briseadh beag againn ón gCarghas ach níor leor sin. “Bí bródúil as Éirinn, bí bródúil as bheith i d’Éireannach,” a dúradh linn, ach ní raibh faic ann a mbeifí bródúil as sna 80í agus sna 90í.

Tá sé níos éasca an lá mallaithe a sheachaint in Éirinn ná thar lear, agus d’éirigh liom é sin a dhéanamh go dtí gur thángamar anseo, beagnach fiche bliain ó shin. Níor chiallaigh Lá Fhéile Pádraig ach rud amháin in Aotearoa ag an am, nó sin mar a chonacthas domsa pé scéal é – an t-ól. Deirtear go mbaineann na tithe tábhairne Éireannacha an méid chéanna brabúis as an lá amháin seo agus a bhaineann siad as an gcuid eile den bhliain ina hiomlán. 

Ní fear mór óil mé agus is fuath liom an meon sin go gcaithfidh tú bheith i do “full-time mad bastard” fiú toisc gur Éireannach tú. Rinne mé cinnte go raibh mé ag obair gach Lá Fhéile Pádraig ionas go mbeadh leithscéal agam gan dul amach.

Ach de réir a chéile thug mé faoi deara go raibh meon eile le feiceáil taobh thiar den drabhlás. Seandaoine a tháinig anseo sna 50í, nach raibh ach lá amháin sa bhliain chun smaoineamh siar go poiblí ar an seanfhód. Daoine aonair i dtithe uaigneacha nó tithe altranais, an tseamróg nó suaitheantas ar a gcliabh acu agus iad ag cuimhneach ar thír agus ar mhuintir nach bhfeicfidís go deo arís. Imircigh nuathagtha le fuinnimh agus fís ag déanamh dianoibre chun paráidí agus ócáidí a eagrú sna cathracha móra. Agus muintir na hAmbasáide ag baint tairbhe as an lá chun Éire a chur chun cinn ar an taobh seo den domhan.

Níl aon dabht ach go raibh tionchar ollmhór ag lá náisiúnta na tíre seo orm chomh maith agus go dtugann sé deis dúinn athmhachnamh a dhéanamh ar ár bhféile náisiúnta féin. Déantar comóradh ar an 6ú lá de mhí Feabhra ar shíniú an chonartha Waitangi, an conradh idir pobal bundúchasach na tíre agus Coróin na Breataine, a cuireadh i bhfeidhm in 1840. Déantar díospóireacht ar an bhfeall a rinneadh ar an bpobal Māori ina dhiaidh nuair nár chloígh an Bhreatain leis an gconradh. Ní ceiliúradh atá i gceist ach machnamh ar thús an stáit, ar an gcoilíneachas agus ar an iarchoilíneachas, agus ar an gcaidreamh casta atá ann go fóill idir an dá phobal. 

I bhfad níos fearr agus níos dáiríre ná Lá a hAstráile (nó ‘Lá an Ionraidh’ i gceart) ar an taobh eile den Mhuir Tasman, nó Lá na Saoirse ag na Meiriceánaigh. Ní dóigh liom go nglacfaí le ceiliúradh tírghrách cosúil leo siúd sa Nua-Shéalainn, agus is fearr liom i bhfad an blaiseadh beag soiniciúlachta sin. Sin an fhéile Pádraig ab fhearr liom chomh maith- machnamh a dhéanamh ar na dea-nósanna agus na drochnósanna, ar a bhfuil bainte amach againn mar thír, agus ar an méid atá le déanamh.

An mbeidh féile mar sin i ndán dúinn? Ní bheidh…ach tá tuiscint níos fearr agam ar an tábhacht a bhaineann leis an lá anois, d’Éirinn, d’Éireannaigh agus don diaspóra go léir. Tuigim go ndéanfadh gach tír eile a seacht ndícheall chun a n-ainm a chur le lá chomh feiceálach agus chomh inaitheanta le Lá Fhéile Pádraig. Fógraíocht saor in aisce atá i gceist. Ní gá duit bheith sáite sa shaol Éireannach in Aotearoa chun an leithscéal a thugann an lá do dhaoine ceiliúradh, agus an bród agus cumha a bhíonn ar an seandream a feiceáil, agus chun an obair dhíograiseach a dhéanann na cumainn Éireannacha fud fad na tíre i gcomhair an lae a aithint. 

Ach ní bheidh aon ghrá agam don lá go deo faraor, agus caithfidh mé a admháil gur lig mé osna faoisimh asam nuair a chuala mé go mbeadh na mór-imeachtaí curtha ar ceal i mbliana de bharr na paindéime anseo. Déanfaidh mé iarracht “top o’t’ mornin'” a ghuí, mo hata leipreacháin a chur ar mo cheann, freastal ar na paráidí agus braon pórtair a ól…ach táim lánsásta é a fhágáil go dtí an bhliain seo chugainn!