Níor “dhia-ríthe” colacha a bhí i gceannas ar Éirinn 5500 bliain ó shin

An scéal is déanaí ó Éirinn na Clochaoise…

Níor “dhia-ríthe” colacha a bhí i gceannas ar Éirinn 5500 bliain ó shin mar a creideadh go dtí seo. Maíomh roimhe seo gurb as fear ar shiblíní nó lánúin tuismitheora-linbh iad a thuismitheoirí a tháinig blúirín blaoisce a baineadh as an talamh sa tuama Neoiliteach i mBrú na Bóinne. 

Nuair a thángthas ar dhaoine muinteartha leis i dtuamaí eile cóngarach don tséadchomhartha, cheap taighdeoirí go raibh smacht ag scothaicme cholach ar Éirinn fadó. Cuireadh i gcomparáid le ríshleachta nó “dia-ríthe” a raibh nósanna colacha acu amhail farónna na hÉigipte ársa agus ceannasaithe Impireacht na nInceach.

Caitheann taighde nua a foilsíodh san iris Antiquity amhras ar an teoiric seo go raibh caidrimh cholacha ag ríthe agus daoine eile a dtángthas orthu anseo. Dúirt seandálaithe ón Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath nár aimsíodh aon chaidreamh colach eile in Éirinn ná sa Bhreatain ón tréimhse Neoiliteach agus nach bhfuil mórán fianaise ann gurbh ann d’ionphórú san Eoraip réamhstairiúil ach oiread.

Is sine Brú na Bóinne ná Stonehenge agus Pirimidí Giza agus creidtear gur thóg pobal feirmeoirí a mhair i nGleann na Bóinne 5000 bliain ó shin é. Rinneadh anailís ar bhlúirín blaoisce ó 3340RCR—3020RCR agus thángthas ar shampla neamhchoitianta d’ionphórú. Dá bharr seo, maíomh in 2020 gur cheannasaí ardaicme é, ar tugadh “dia-rí” air.

Anois deir taighdeoirí nár aimsíodh go leor fianaise a thugann le fios gurbh ann do “rí” nó aon ríshliocht ag Brú na Bóinne.

“Is cinnte gur roghnaíodh daoine le haghaidh adhlactha i dtuamaí pasáiste – ní chuirtear an pobal ar fad sna séadchomharthaí seo. Níl a fhios againn na cúiseanna taobh thiar den roghnúchán seo áfach, ná an chúis ar ceapadh gur speisialta iad,” a dúirt an seandálaí Jessica Smyth.

Creideann taighdeoirí gur bhraith na teoiricí a léiríodh in 2020 ar chomparáidí mí-oiriúnacha le sochaithe eile ina raibh ciorrú coil le fáil sna teaghlaigh ceannais amháin agus a thug neamhaird ar an fhéidearthacht gurbh ann dó i bpobail chosmhuintire.

“Ní féidir talamh slán a dhéanamh de gur dhuine den scothaicme é toisc sampla amháin de chiorrú coil, gan trácht ar ordlathas sóisialta ar leith,” a scríobh eolaithe.

Maíonn taighdeoirí gur dóiche gur daoine a raibh gaol i bhfad amach eatarthu atá sna tuamaí ag Brú na Bóinne seachas dlúthghaol a bheith acu. Deir eolaithe nach ginealach amháin a d’imir tionchar ar na cleachtais adhlactha.

“Tá samplaí iontacha againn de shéadchomharthaí in áiteanna eile san Eoraip ina bhfuil tuismitheoirí, páistí, seantuismitheoirí. Tá an cineál fianaise ADNa (aDNA) seo i bhfad níos cosúla le ginealach nó ríshliocht. Ní fheicimid fianaise de seo i dtuamaí pasáiste Éireannacha,” arsa an Dr Smyth.

Tá seandálaithe ag éileamh tuilleadh staidéar ionas go dtuigear na struchtúir agus gníomhaíochtaí sóisialta a bhí ag na pobail a thóg agus a d’úsáid an Brú.

“Níl aon chiall le leanúint ar aghaidh ag díriú ar cheannasaíocht aonair amháin in Éirinn agus in áiteanna eile sa tréimhse Neoiliteach, nuair nach leor an fhianaise i dtaobh na rudaí a mhaítear. Buanaíonn sin a miotas gur fhir thábhachtacha amháin a bhí gníomhach go sóisialta agus déanann sé beag is fiú den chomhghníomhaíocht san am atá caite,” a dúirt taighdeoirí.

SCÉALTA EILE