Tá níos lú ná mí amháin fágtha agat le do ‘thicéad luathphraghais’ a fháil don fhéile cheoil is mó i saol na Gaeilge. Beidh ticéad deireadh seachtaine ar fáil ar €70 go dtí Lá Fhéile Pádraig, agus beidh costas €85 ar thicéid ‘Sraith 2’ ina dhiaidh sin.
Beidh ticéid ‘Sraith 3’ ar díol ón 1 Meitheamh agus praghas €100 ar thicéad deireadh seachtaine sa tsraith dheireanach sin.
Beidh Féile na Gealaí ar siúl den chúigiú bliain as a chéile i Ráth Chairn na Mí ar an 12-14 Meitheamh agus súil ag lucht a heagraithe na céadta Gael a mhealladh go Gaeltacht na Mí arís eile do dheireadh seachtaine lán óil, ceoil agus spraoi.
Bunaíodh Féile na Gealaí in 2016 agus tá sí ag dul ó neart go neart ó shin. Bronnadh gradam ‘Féile na Bliana’ ar choiste eagraithe na féile ag Gradaim Cheoil NÓS an mhí seo caite, agus luaitear an fhéile i measc bhuaicphointí an fhéilire Ghaelaigh.
Ó tharla go mbeidh Féile na Gealaí ag ceiliúradh cúig bliana a bunaithe an samhradh seo, tá ceiliúradh mór beartaithe ag lucht na féile agus cúpla “rún mór” le scaoileadh acu idir seo agus tús an tsamhraidh.
Tá fás leanúnach tagtha ar an bhféile ó cuireadh ar bun í agus táthar ag súil le tuilleadh ceoltóirí, taibheoirí agus áiseanna fós a chur leis an bhféile agus an láthair i mbliana arís eile.