Cuirfidh Oireachtas na Gaeilge tús lena chlár ealaíon don bhliain 2022 anocht le ceiliúradh speisialta ar Nollaig na mBan. Tiocfaidh scoth na mban le chéile ag an ócáid ar líne ag 20.00 anocht le hoíche mhór cheoil, amhránaíochta, filíochta, agus sheanchais a chur os comhair an phobail.
Beidh mná a bhuaigh duaiseanna móra ag comórtais amhránaíochta, comórtais liteartha, agus comórtais ardáin an Oireachtais ann le deireadh spleodrach a chur le féile na Nollag agus fáilte a chur roimh an mbliain nua.
Ar na healaíontóirí ban a bheidh i láthair, beidh na hamhránaithe Caitríona Ní Cheannabháin, Nóirín Uí Cheannabháin Uí Chonghaile, Mary Ann Uí Mháille, Tríona Ní Shíocháin, Caitríona, Eibhlín agus Orlaith Nic an tSaoir, Gearóidín Breathnach, agus Máire Ní Choilm.
Beidh an filí Catherine Foley as na Déise agus Máire Dinny Wren as Tír Chonaill ag aithris a gcuid filíochta agus beidh na seanchaithe Máirín Uí Chathalláin as Corca Dhuibhne agus Máirín Mhéiní Uí Chonghaile as Conamara ag inseacht scéalta agus seanchais. Beidh an ceoltóir aitheanta Gaeltachta Mairéad Ní Mhaonaigh as Tír Chonaill i láthair freisin.
Craolfar ‘Oíche Nollaig na mBan’ beo ar leathanach Facebook an Oireachtais anocht agus ar shuíomh idirlín na heagraíochta.
Thosaigh Oireachtas na Gaeilge ag eagrú imeachtaí ar an 6 Eanáir sa bhliain 2016 agus iad ag iarraidh Nollaig na mBan a “athmhúscailt” ar fud na tíre. Tá an traidisiún beo i gcónaí in iardheisceart na tíre agus tá sé á athbheochan in áiteanna inar imigh sé i léig agus á scaipeadh in áiteanna eile nach raibh sé riamh cheana le tamall de bhlianta anuas.
“Tá muid ag iarraidh mná a spreagadh le teacht le chéile thar timpeall na tíre don chomhluadar agus don cheiliúradh agus go mbeidh ithe agus ól, spraoi agus craic, agus muintearas ann,” a dúirt urlabhraí de chuid an Oireachtais agus an fhéile á hathbheochan acu in 2016.