Nósanna a bhaineann le hAinmhithe Feirme

Phléigh mé nósanna a bhaineann leis an tsionnach píosa ó shin agus ní buíoch atá na comharsana! San alt sin, dúirt mé gur luaigh m’athair liom go bhfaca sé sionnach sa ghairdin luath ar maidin agus mhínigh mé go bhfaca mé cúpla tagairt do shionnaigh ar an lá chéanna. Shocraigh mé rud a scríobh faoi agus is baollach go raibh sin iomarcach. 

Cuireann seanfhocal in iúl dúinn go dtagann rudaí lena n-iomrá agus, maidin amháin cúpla seachtain ó shin, mí na Bealtaine ag druidim chun deiridh, chonaic mé agus m’athair an sionnach céanna (dar leis) ach uan ina bhéal aige an iarraidh seo.

Ní raibh mórán le déanamh againn ach ligint don mhadadh rua sult a bhaint as a bhricfeasta an mhaidin sin agus ní thig le duine mórán a dhéanamh am ar bith chun an ruaig a chur ar an tsionnach. Thig leat sconsa láidir a choinneáilt ach is minic a bhíonn bealach fríd aige. Chaillinn cearca go minic thar na blianta agus luaigh mo dheirfiúr liom go bhfaca sí poll taobh le cró na gcearc aici ar na mallaibh, áit a ndearna sionnach iarracht a bhealach a thochailt isteach.

Ní thig mórán a dhéanamh in éadan an tsionnaigh agus an baol corpartha a ghabhann leis ach bhí go leor a dhéanadh feirmeoirí na tíre chun ainmhithe a choinneáilt slán sábháilte go spioradálta agus is air sin a dhíreoidh mé an t-alt seo.

Creideadh go raibh daoine in ann ‘drochshúil’ a chaitheamh ar ainmhithe agus iad ar díol ag an aonach. Tá tuairisc as deisceart Thír Chonaill a luann go raibh nós ag daoine sa cheantar snáithe dearg a cheangailt le ruball na ba nó píosa iarainn a chur ar an adharc chun an bhó a choinneáilt slán ón mhallacht. Creideadh go raibh daoine in ann drochshúil a chaitheamh ar ainmhí a bhí á thabhairt chun aonaigh agus sin bealach amháin thart air. Is cosúil go raibh daoine in ann droch-ádh a fhágáil ar an ainmhí trí thimpiste más é gur mhol sé an t-ainmhí barraíocht gan ‘Go mbeannaí Dia í’ nó rud mar sin a rá agus é críochnaithe. Más é go ndearna duine sin, sin an uair, dar le tuairisc as an Chabhán, a rinneadh an snáithe a chur ar chos an ainmhí.

Bhí sé tábhachtach fosta “go mbeannaí Dia í” a rá más é gur ghlac duine amach thú chun amharc ar bhó (más é gur cheannaigh sé ceann nua nó rud mar sin). Dá ndéanfá dearmad, creideadh gur fhág tú an drochshúil ar an ainmhí trí do dhearmad.

Dóigh eile chun ainmhithe a chosaint ná luck-penny a thabhairt agus an t-ainmhí a dhíol. An rud atá i gceist leis sin ná go dtugann an duine a dhíolann an t-ainmhí rud beag airgid ar ais don duine a cheannaíonn é. Luann an tuairisc as Contae an Chabháin go hiontach soiléir gur creideadh go bhfaigheadh an t-ainmhí bás más é nár thug an díoltóir an t-airgead seo don úinéir nua. Tá spiorad an phobail i gceist anseo nó tá ort airgead a thabhairt do dhuine eile chun ainmhí nach leatsa níos mó a choinneáilt slán. Is minic a fhaigheann muid luck-penny (nó luck’s penny) sa lá atá inniu ann cibé rud a cheannaíonn muid ach is cosúil gur shíl cuid daoine san am atá caite nár bhain sé ach le rudaí beo. Is cosúil, fosta, ó chúpla cuntas, mar atá an ceann seo, go raibh méid áirithe airgid le tabhairt ar ais ag brath ar chostas an ainmhí.

Ortha a bhíodh in úsáid más é go raibh tinnis áirithe ar bhó ná ‘Snaidhm na Péiste’. Tá cuntas agus léaráid leis as Contae an Chláir a mhíníonn an dóigh a ndéantaí sin sa cheantar. Ceanglaíodh snaidhm thar an bhó agus, más é go ndearna tú mar is ceart é, osclaíonn an snaidhm ag an deireadh. Má dhéanann tú mar is ceart é, tiocfaidh biseach ar an bhó. Luann cúpla cuntas go raibh paidreacha le rá mar aon leis an snaidhm a cheangailt (nó gan é a cheangailt, chun a bheith cruinn). Déantar é faoi thrí (in ainm an athar, an mhic, agus an spiorad naomh) dar le go leor de na cuntais.

A species of rush worm” is cúis leis an tinneas a bhfuil seo mar leigheas air dar le cuntas eile sa dialann chéanna. Cuireann cuntas eile as an chontae chéanna an locht ar gripe (nó aileacó) agus mínítear arís gur péist de shaghas is cúis leis. Leigheas ar an bhuinneach é dar le cuntas as Tír Chonaill.

Níl mé ag rá nár chóir fios a chur ar an tréidlia an chéad uair eile ainmhí a bheith tinn, ach b’fhéidir má tá píosa de shreang ina luí thart fán teach, thig leat triail a bhaint as Snaidhm na Péiste agus tú ag fanacht ar an chuairt. Nó, má ghlacann tú an t-ainmhí isteach chuig oifig an tréidlia, thig leat an nós a theagasc do dhuine eile sa tseomra feithimh.

SCÉALTA EILE