Is deas le Nósadóirí fáil amach faoi nósanna Nollaigiúla a bhíonn á gcleachtadh an t-am seo den bhliain i dtíortha éagsúla sa domhan mór. Ón damhán alla draíochta go dtí an lomán caca agus cleachtais fhuascailte, seo chugaibh 5 thraidisiún a bhíonn á cheiliúradh i dtíortha eile a ardóidh bhur gcroíthe ar Lá Nollag.
1) Caga Tió – An Chatalóin
Gach oíche ón 8 Nollaig, bíonn páistí óga na Catalóine ag cur bia ar fáil don Caga Tió, agus ag cinntiú go bhfuil sé te teolaí faoina phluid.
Ciallaíonn Tió lomán (log) sa Ghaeilge agus ní i bhfad ón fhocal Gaeilge é Caga… sea is ‘cac’ atá i gceist!
Bíonn dhá chos agus miongháire ar an Caga Tió.
Ar oíche Nollag nó ar Lá Nollag ansin, is nós le páistí amhrán le línte barúlacha a chanadh; “Muna ndéanann tú cac maith, buailfidh mé leis an mhaide thú, a Caga Tió!”
Buaileann siad an Caga Tió le maide arís agus arís go deireadh an amhráin, nuair a thagann bronntanais bheaga amach mar a bheadh cac ann agus iad ina luí i bhfolach faoin phluid.
2) La part du mendiant – An Bhriotáin
Faoin tuath sa Bhriotáin fágtar pláta agus cathaoir fholamh ag an tábla dinnéir do bhéile na Nollag.
Ar fhaitíos dá mbeadh strainséir amuigh ag siúl an bhealaigh agus ocras air, fágtar ‘la part du mendiant’ nó ‘cuid an duine dhéirce’ dó.
Is comhartha na fáilte é agus nós a bhíonn go láidir á chleachtadh i measc na nglún aosta.
3) Pavuchky – An Úcráin
San Úcráin, maisítear crainn Nollag le maisiúcháin ar leith chun an Pavuchky – damhán alla beag – a cheiliúradh.
Maireann sé sa bhéaloideas go dtiocfaidh damhán alla draíochta ar cuairt chuig teaghlaigh bhochta a bhfuil neadacha damhán alla ina gcrainn Nolllag acu agus go ndéanfaidh siad líon órga agus airgead dóibh.
Deirtear gur fhás an nós chun crann Nollag a mhaisiú le tinsil ón traidisiún seo.
4) Detinjci – An tSeirbia
Bíonn craic mhaith ag páistí agus tuismitheoirí na Seirbia um Nollaig.
Is ar 7 Eanáir a bhíonn oíche Nollag na Seirbia á ceiliúradh agus déantar bronntanais á mbronnadh ar mháithreacha, ar athraitheacha agus ar pháistí – san ord sin – ar laethanta an Domhnaigh trí seachtaine roimhe.
Maidin an Detinjci – an tríú Domhnach roimh Nollaig – is é an nós atá ag tuismitheoirí ná a gcuid páistí a cheangal i rópa.
Ní go dtí go dtugtar bronntanas fuascailte (ransom) dóibh go scaoiltear saor iad.
Maidin an materice – coicís roimh Nollaig – agus an oci – seachtain roimh Nollaig – déanann na páistí a dtuismitheoirí a chur ar fuascailt go dtí go bhfaighidh siad a mbronntanais!
5) Olentzero – Tír na mBascach
Is é Olentzero, ní Daidí na Nollag, a bhronnann bronntanais ar pháistí Bascacha.
Fear guail é Olentzero a thagann anuas ó na cnoic oíche Nollag ar dhroim Potok – capall fiáin Bascach, chun bronntanais a dháileadh amach ar na páistí.
Caitheann sé feisteas traidisiúnta Bascach (thuas) agus is é Olentzero a scaipeann an scéal go bhfuil an Nollaig tagtha ar gach coirnéal den tír.
Oíche Nollag, is nós le stáisiúin raidió agus teilifíse Bascacha a fhógairt go bhfuil tús curtha lena thuras anuas ó na cnoic go tithe na bpáistí.