NÓSanna Nollag a bhíodh ann fadó

Bíonn nósanna Nollag againn uilig. Caitheann teaghlaigh áirithe pitseamaí nua oíche Nollag nó seans go gcaitheann siad súil ar an Toy Show le chéile agus na pitseamaí nua seo orthu. Bíonn nós ag Michael Bublé múscailt óna chodladh bliana agus bíonn nós ag cuid againn amharc ar scannán Nollag mar atá It’s a Wonderful Life, Elf, nó Die Hard.

Bíodh mar theaghlach nó mar amhránaí sa tóir ar a chéad ‘uimhir a haon’ eile, is am den bhliain é seo ina nglacann muid cúrsaí go réchúiseach agus nach mbíonn mórán de dhúil againn gabháil ar seachrán ó na rudaí compórdacha rialta a thugann faoiseamh dúinn le linn na laethanta dorcha. Bhíodh, agus tá go fóill, go leor nósanna againn in Éirinn chun marc a choinneáilt ar an aimsir seo den bhliain.

Ceann de na nósanna is coitianta a bhíodh ann ná gan an doras a chur faoi ghlas sa dóigh go dtuigfidh Muire go bhfuil fáilte roimpi i do theach féin má tá sí féin agus a leanbh naofa ag cuartú lóistín arís an oíche sin. D’fhágtaí coinneal ar lasadh san fhuinneog chun an teachtaireacht chéanna a léiriú. An nós seo is ábhar don dán Cuireadh do Mhuire a chum Máirtin Ó Díreáin. Cuireann an file fáilte roimh an Mhaighdean teacht chuig a oileán dúchais le dán a chríochnaíonn leis na línte “Beidh coinnle geala/I ngach fuinneoig lasta/Is tine mhóna/Ar theallach adhanta.”

Nós eile a bhíodh coitianta ná an creideamh go dtéann ainmhithe síos ar a nglúine ar mheán oíche chun ómós a léiriú don leanbh atá le teacht gan mhoill. Bhíodh an creideamh ann, fosta, go dtuigeann ainmhithe caint daonna ar lá Nollag. Mar sin de, ná déan dearmad a bheith ag labhairt go deas le do pheataí ar an lá áirithe sin!

Tá cúpla cuntas ó áiteanna éagsúla sa tír ina n-insíonn daoine gur ghnách leo gabháil amach le cuileann agus eidhneán (agus ábhar eile mar sin) a bhailiú chun an teach a mhaisiú (cuntais ón am roimh leictreachas iad seo). Luann cuid mhaith daoine bricfeasta deas nó mearóg phluma nó rudaí mar sin. Nuair a tháinig daoine ar ais ón aifreann, d’itheadh siad bricfeasta agus d’amharcadh siad sna stocaí le fáil amach cad a fuair siad. Tá cuntas as Maigh Eo a luann gurbh úlla nó oráistí a bhíodh ann den chuid is mó.

Ansin, d’fhanadh daoine le fear an phoist agus ba mhinic gur tugadh braon d’uisce beatha dó. Léigh tú sin i gceart; níl sé i bhfad ó shin ó bhí post ar lá Nollag! Ba é an lá ba dheacra den bhliain, dar le roinnt de na fir bhochta poist, agus an-chuid le seachadadh acu. Is cosúil go raibh an pobal féin ag fanacht go foighdeach ar na litreacha ó chairde agus ó ghaolta i gcéin, ámh.

cuntas ó Rinn Ó gCuanach i bPort Láirge a mhaíonn nach ndearnadh an-chuid codlata i rith laethanta na Nollag. Bhíodh aifreann ann ar a sé ar maidin dar leis an chuntas seo agus bhíodh achan duine múscailte ag dréim leis. Bhíodh cóisir ann le pórtar agus ‘oíche go maidin’. 

Cuntas ón tionscadal Bailiúchán na Scol é seo agus tosaíonn sé, ‘Seo lá Nollag agus cuireann sé i gcuíne (gcuimhne) dhom a’ tseanaimsir’. Tá 1 Eanáir 1936 luaite mar dháta go hoifigiúil ach is cosúil ón oscailt sin gur thug an faisnéiseoir an t-eolas seo uaidh ar an Nollaig féin. ‘Tá an dream a bhí an uair sin imithe is curtha in Sasana Nua is in Éire (Éirinn),’ an chríoch atá leis an chuntas seo.

Tá seans ann go léiríonn oscailt agus críoch an chuntais seo an nós is fearr um Nollaig – gan dearmad a dhéanamh ar na cuimhní deasa atá agat le do chairde nó do mhuintir, cuimhní nua a chruthú leo atá fós agat, agus áit i do chroí a choinneáilt don dream nach bhfuil leat, bíodh siad thar lear nó imithe ar shlí na fírinne. 

SCÉALTA EILE