Chríochnaigh mé an t-alt deireanach liom san iris seo agus mé ag plé le roinnt bheag nósanna a bhain leis an fhaire. Agus cúpla lá d’fhaire ann, an tórramh an chéad chéim eile, dar ndóigh.
Bhí nós ann an chónra a fhágáil ar dhá chathaoir taobh amuigh den teach sular imigh an tórramh ón teach. Agus an chónra tógtha, ba chóir do ghaol nó do comharsa an dá chathaoir a thiontú. Creideadh gur chuir seo an ruaig ar aon droch-ádh ach bhí baol ann go dtiocfadh bás eile go luath más é go ndearnadh dearmad seo a dhéanamh. In áiteanna áirithe sa tír, creideadh go raibh achan chathaoir sa teach le leagaint.
Ina dhiaidh sin, tá an corp le glacadh chun na reilige. Tá an-chreideamh ann go fóill gur comhartha maith go bhfuil anam an duine sásta é má tá fearthainn ann agus an corp á ghlacadh ón teach. Rud a chleachtaítear go fóill, fosta, ná nár chóir aon aicearra a ghlacadh chun na reilige ach gabháil an bealach is faide (ach siosmaid de shaghas a bheith le fad an turais).
Bhí an nós ann uair amháin an bealach ar fad chun na reilige a shiúl, an chónra á hiompar ag slua, más é go raibh seo indéanta. Bhíodh cóiste in úsáid más é go raibh an turas rófhada. Bhíodh tórraimh ann nach mbeadh cóiste nó capall ar fáil, dar ndóigh. Baineadh úsáid as rud ar a gcuirtear ‘bier’ nó ‘bearer’ sna cásanna seo (go háirithe roimh thús na haoise seo caite). Dhá chuaille, suas le deich dtroithe ar fad, le slait trasna eadarthu a bhí sa bier (rud beag cosúil le dréimire ach níos leithne). Ceanglaíodh an chónra leis sin.
Mar atá sa lá atá inniu ann, bhíodh daoine ag siúl taobh thiar nó ag fanacht ag pointí áirithe. Neamhchosúil leis an lá inniu, bhíodh mná caointe (mar a luaigh mé i m’alt deireanach) ann. Ag na crosbhóithre ach go háirithe a bhíodh siad, is cosúil.
Bhíodh sé ann, fosta, agus an corp ar chóiste, go mbeadh mná caointe ann (beirt ar thaobh amháin den chónra agus duine amháin ar an taobh eile go minic, mar atá luaite i gcuntas as Gaillimh) agus iad ag gabháil dá gceird.
Bhíodh an nós ann, agus tá go mór go fóill, stopadh má bhuaileann tú le tórramh. Agus tú sa charr, níor chóir tiomáint ar aghaidh go dtí go bhfuil an tórramh tharat. Bhíodh nós ann roimhe seo rud beag a shiúl leis an tórramh. ‘Trí choiscéim na trócaire’ a cuirtear air seo.
Agus an corp ag an uaigh, deireadh an sagart paidreacha (go mór mar a bheadh inniu) agus chuirtí an corp isteach san uaigh. Scaoileadh scriú amháin ar an chónra rud beag sular chuirtí an chónra san uaigh.
Rud nach bhfuil bainteach leis an tórramh go sonrach é seo ach, agus an uaigh líonta, creideadh go raibh leigheas ar fhaithne ach cré ó uaigh a chuimilt air.
Tá sé luaite sa chuntas ó Chiarraí a luaigh mé cheana (agus in áiteanna eile) gur shiúil iompróirí na cónra trí huaire thart ar an reilig sular cuireadh an corp san uaigh. Ba ghá a bheith cúramach, ámh, nó dar leis an tuairisc chéanna, má thiteann duine ag tórramh, beidh an duine sin ar an chéad duine eile le bás a fháil. Ag fás aníos i dTír Chonaill, chuala mé i gcónaí go raibh droch-ádh i gceist más é gur thit tú i reilig ag am ar bith.
Agus an tórramh críochnaithe, tá sé luaite i gcuntas as Contae an Chláir, níor chóir gabháil isteach i dteach ar bith agus tú ag gabháil abhaile ach gabháil díreach chuig do theach féin.
Tá againn go fóill nósanna faoi rudaí nár chóir a dhéanamh an bhliain a fhaigheann gaol leat bás. Rud a bheas tábhachtach sna seachtainí romhainn ná nach seolann nó nach dtugann daoine cártaí Nollag amach an chéad bhliain i ndiaidh do dhuine bás a fháil. Ní sheoltar téacs chun athbhliain faoi mhaise a bheannú ach oiread. Nós measartha nua é sin, is dócha.