Tá Oireachtas na Gaeilge sa tóir ar “dhaoine a bhfuil grá, dílseacht, agus paisean acu do chur chun cinn na teanga” le bheith ina n-oibrithe deonacha ag Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i gCill Airne ag tús mhí na Samhna.
Beidh an fhéile mhór Ghaelach ar siúl ón 2-6 Samhain in Óstáin an Gleneagle agus an Brehon taobh amuigh de bhaile Chill Airne agus súil ag lucht a heagraithe go mbeidh na Gaeil ann ina sluaite.
“Is iad Criú an Oireachtais croílár na féile agus níorbh ann d’Oireachtas na Samhna gan iad. Tá muid ag iarraidh grúpa daoine a bhfuil grá, dílseacht, agus paisean acu do chur chun cinn na teanga agus do chultúr na nGael a thabhairt le chéile le bheith rannpháirteach in eagrú na féile,” a dúradh i bhfógra a chuir lucht an Oireachtais amach.
Táthar ag lorg daoine a bheidh sásta a bheith ag freastal ar an deasc eolais agus ag díol ticéad; daoine a dhéanfadh maoirseoireacht ag na comórtais uilig a bheidh ar siúl i gcaitheamh na féile; daoine a chabhróidh le leagan amach agus reáchtáil na n-ócáidí eile a bheidh ar siúl, ceolchoirmeacha, seoltaí leabhar agus ócáidí eile ina measc; daoine a oibreoidh in Oifig an Chriú féin; agus daoine a chabhróidh leis na meáin chumarsáide a bheidh ar an láthair.
Ní mór do dhaoine ar mhaith leo tabhairt faoin obair seo an fhoirm ar líne atá ag an Oireachtas a chomhlíonadh, teistiméireachtaí a chur faoi bhráid lucht eagraithe na féile, agus a bheith sásta an obair a dhéanamh ar bhonn deonach.