Pop Up Gaeltacht, Toners, Sráid Bhagóid Íochtarach, Déardaoin, 26 Aibreán óna 20:00
Beidh Preab-Ghaeltacht an Aibreáin ar bun tráthnóna san Ardchathair! An t-ionad: Toners ar Shráid Bhagóid Íochtarach! Is ann a bheidh lucht labhartha na Gaeilge, ag cabaireacht le chéile. Bíonn atmaisféar fáilteach i gcónaí le brath ag na hócáidí seo, i mo thuairimse. Mar sin, má tá smut de dhrogall ort, caith uait é! Tar! Bí ann! Bí cainteach! Cífidh mé ann thú…..
Oíche Chiarraí, Óstán Dhroichead na Dothra, Dé hAoine, 27 Aibreán @ 20.00
A day out of Kerry is a day wasted, a deir siad. Bhuel n’fheadar an amhlaidh a bheidh do na Ciarraígh a bheidh ag tabhairt cuairt ar Bhaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo, d’Oíche Chiarraí 2018! Cúis mhaith acu ’bheith as baile…
Seo ócáid atá á heagrú ag an Kerry Association, ag a mbronnfar duaiseanna agus gradaim éagsúla ar mhuintir an chontae. Ina measc beidh an gradam meithle, Laochra Chiarraí, agus Ciarraíoch na Bliana 2018; is go hoifigiúil ar Colm ‘The Gooch’ Cooper a bhronnfar sin.
Beidh dinnéar breá á thabhairt amach ar an oíche agus siamsaíocht ar bun chomh maith. €65 atá ar na ticéid agus is féidir iad a cheannach ag an nasc seo: http://www.kerryassociation.ie/purchase-tickets/
Cian Ó Ciobháin, Tábhairne Nellie Freds, an Daingean, Dé Sathairn, 28 Aibreán @ 21:30
Beidh fear na gceirníní, an craoltóir aitheanta Cian Ó Ciobháin ag triall ó dheas, chuig an bhfód dúchais an Satharn seo. Is i dtigh tábhairne Nellie Freds sa Daingean a bheidh sé ag soláthar an cheoil, a rogha féin, go moch maidine. Is féidir cuid dá sheinnliostaí a fheiscint agus a chlos ag an nasc seo, https://www.mixcloud.com/cianociobhain/, mar réamhbhlaiseadh ar sheisiún an deiridh seachtaine.
Cuisle: Ócáid filíochta, mar chuid d’imeachtaí Cúirt, Amharclann Oileán Altanach, Dé Sathairn, 28 Aibreán @ 14.00
‘Cuisle’ an t-ábhar a tugadh do thriúr filí mar chuid d’imeacht atá ar bun le linn na féile Cúirt, atá ar siúl sa Ghaillimh faoi láthair. An triúr ná: Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Marcus Mac Conghail agus Simon Ó Faoláin. Cloisfear a gcuid saothar ar an téarma sin mar go mbeidh a gcuid filíochta á haithris acu os comhair na ndaoine in Amharclann Oileán Altanach i rith an lae Dé Sathairn. Tá an t-imeacht seo á reáchtáil ag Oireachtas na Gaeilge i gcomhar le CÚIRT. Gan dabht, tá scata eile ar siúl as seo go dtí an 29 Aibreán, an dáta go dtiocfaidh an fhéile chun críche. Gach eolas ó: www.cuirt.ie
Céilí Teaghlaigh, Coláiste Chonnacht, An Spidéal, Dé Domhnaigh 29 Aibreán @ 15.00
Is gearr uainn féilte móra Gaelacha an tsamhraidh! Féile na Bealtaine, Féile na Gealaí, agus Traidphicnic dar ndóigh! Uair sa bhliain i mí Iúil bailíonn scoth na gceoltóirí traidisiúnta/tíre le chéile ar an Spidéal do shraith d’imeachtaí bunaithe timpeall ar an gceol. I mbliana, tá súil le Dé Danann, Lisa O’Neill agus amhránaithe aitheanta sean-nóis chomh maith, Jimí Ó Ceannabháin, Mícheál Ó Chonfhaola agus Johnny Mháirtín Learaí Mac Dhonnchadha, mar díreach cúpla sampla! Chuige sin ar fad, tá gá le hairgead, gan dabht. Beidh ócáid tiomsaithe airgid ar bun an deireadh seachtaine seo leis na pinginí a bhailiú! Beidh an banna Cogar ag seinnt ag Céilí Teaghlaigh, i gColáiste Chonnacht! Gearóid Mulrooney a bheidh mar fhear an tí. Beidh spotduaiseanna le bronnadh orthu siúd a bheidh i láthair agus raifil ann chomh maith! Ócáid thaitneamhach i lár an lae don gclann ar fad!