Ceolchoirm le Ciara McCrickard
Aoine 5 Márta @19:30
An ag lorg giota beag ceoil le críoch shégimh a chur leis an gcéad leath de Sheachtain na Gaeilge atá tú? Bhuel, tá tú anois faoi chúram ag Boirche Íochtar, a bheidh i gcomhluadar Ciara McCrickard agus a teaghlach do cheolchoirm tráthnóna.
Craolfar an ceolchoirm ar leathanach Facebook Bhoirche Íochtar
Rock ‘n’ Roll Biongó
Aoine 5 Márta @20:00
Cluiche, ceol agus craic? Tá Craobh na Bóinne i nDroichead Átha ag cur oíche Bhiongó ar fáil saor in aisce anocht bunaithe ar an gceol Rock ‘n’ Roll. Ceol le DJ Paddy Callaghan i rith na hoíche agus Pop-Up Gaeltacht díreach ina dhiaidh.
Seol teachtaireacht chuig leathanach @craobhnaboinne_cnag ar Instagram leis na sonraí a fháil.
Oíche Chodlata leis na Gaelgals
Aoine 5 Márta @20:00
Ta Áras na nGael i nGaillimh agus na Gaelgals tagtha le chéile d’oíche shiamsaíochta chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge. Bí ag súil le manglaim a dhéanamh, masc aghaidhe a chur ort agus b’fhéidir go leigheasfar do thrioblóidí le mír “agony aunt”!
Ní gá clárú, beidh sé á chraoladh beo ar chainéal Youtube Áras na nGael
Tráth na gCeist an Queercal
Aoine 5 Márta @20:00
Tiocfaidh an cultúr Gaelach agus an cultúr aiteach le chéile do thráth na gceist leis an Queercal Comhrá, comhphobal do dhaoine LADT+ le Gaeilge. Ní gá foireann a thabhairt leat – is leor tú féin agus dea-chraic. Beidh duaiseanna ar fáil ar an oíche!
Sonraí Zoom ar fáil ó @queercalcomhra ar Instagram
Dianchúrsa aon lae do dhaoine fásta
Satharn 6 Márta @10:30
Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh snas a chur ar do chuig Gaeilge tar éis bheith ag ceolchoirm, biongó, oíche chodlata agus tráth na gceist, tá dianchúrsa eagraithe ag Machaire Fíolta, Co. Dhoire do dhaoine fásta. Tá réimse leibhéal ar fáil ó thosaitheoirí go cainteoirí líofa, agus iad oiriúnach do chách.
Tá an cúrsa ar fáil saor in aisce, agus is ga clárú trí ríomhphost a sheoladh chuig siobhan2211@yahoo.co.uk roimh ré
Ceol le Chéile – SnaG Singalong
Satharn 6 Márta @14:00
Beidh Liam Ó hÉineacháin as an mbanna ‘The Merry Ploughboys’ ag casadh cúpla port ag an deireadh seachtaine agus an insint scéalta na n-amhrán traidisiúnta. Beidh liricí ar fáil do chách agus moltar don lucht féachana páirt a ghlacadh ann.
Cláraigh roimh ré ar Eventbrite
Ióga le Nuala
Dé Máirt 9 Márta @18:00
Beidh ran ióga ar fáil trí Ghaeilge Dé Máirt le Nuala, aimsigh an mata sin agus bí réidh!
Le clárú, seoil ríomhphost chuig eolas@mhichreachtain.com
Gluaiseacht na Gaelscolaíochta 1970-1976
Dé Céadaoin 10 Márta @19:00
Cuirfidh Pobal Gaeilge 15, Baile Átha Cliath fáilte romhat freastal ar chaint leis an staraí Dr Kerron Ó Luain, faoin bhfeachtas ar son Gaelscolaíochta sa chéad leath de na 1970idí. Tá an Dr Ó Luain i mbun taighde iardhochtúireachta faoi láthair ar stair na Gaelscolaíochta (1973-2023) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Le freastal ar an imeacht, seoil ríomhphost chuig pobalnagaeilge15@cnag.ie