TRÁTH NA gCEIST: Oíche shóisialta fhoireann Camógaíochta Na Gaeil Óga / Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC, Déardaoin 1 Deireadh Fómhair, 8in
Don chéad uair riamh tá foireann camógaíochta ag na Na Gaeil Óga agus cheana féin táthar i mbun gnímh, agus ní ar an pháirc imeartha amháin!
Tá oíche shóisialta á reáchtáil acu anocht (Déardaoin) sa Chonradh, áit ar féidir bualadh le spéirmhná Na Gaeil Óga, imreoirí nua agus daoine ar mhian leo tacú leis an bhfoireann úr camógaíochta.
Tá costas €20 ar gach bord agus rachaidh an t-airgead ar fad i dtreo na foirne.
Fáilte roimh chách, agus deirtear linn go bhfuil duaiseanna iontacha le baint chomh maith!
TEACHT LE CHÉILE: Ciorcal Scríbhneoirí / Áras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC, Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair, 7.30in
Roimhe sin, thuas staighre, ag Uimhir 6 beidh an chéad teacht le chéile ag Ciorcal Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath, fóram nua a thabharfaidh deis do scríbhneoirí cruthaitheacha saothar nua a chur i láthair a chéile agus a phlé.
Ceird aonarach atá sa scríbhneoireacht ach seo deis chun aiseolas a fháil ar do chuid cumadóireachta féin agus dul i ngleic le saothar daoine eile.
Tabhair leat cóipeanna de shaothair chruthaitheacha atá scríofa agat, agus go deimhin is féidir bualadh isteach chuig oíche Na Gaeil Óga ina dhiaidh!
Tuilleadh eolais ó Antain Mac Lochlainn ar antain@iol.ie