Oíche na Gaeilge sa Grand Social agus ceithre imeacht eile

Ceiliúradh na gConallach, Gweedore Bar, Na Croisbhealaí, Dé hAoine, 30 Samhain @ 21:00

Táim fós ag caint ar an Oireachtas agus ní mé an t-aon duine! Beidh ceiliúradh ar bun dóibh siúd ó Thír Chonaill a bhí páirteach in imeachtaí agus i gcomórtais an Oireachtais an deireadh seachtaine seo i nGaoth Dobhair. Buailfidh iomaitheoirí, buaiteoirí agus lucht freastail le chéile i mBeár Ghaoth Dobhair (The Gweedore Bar), sna Croisbhealaí anocht, do Cheiliúradh na gConallach! Go n-éirí leo.

Éigse Dhiarmuidín Uí Shúilleabháin, Gaeltacht Mhúscraí, 30 Samhain go dtí an 2 Nollaig

Mar is iondúil an t-am seo bliana, beidh Éigse Dhiarmuidín Uí Shúilleabháin ar siúl ag an deireadh seachtaine i nGaeltacht Mhúscraí. Léirítear ómós do Dhiarmuidín le deireadh seachtaine de cheol, amhráin agus imeachtaí spraíúla eile. I measc na mbuaicphointí i mbliana beidh na ranganna éagsúla ceoil agus amhránaíochta leo siúd atá oilte go maith sa chúram. Cuid de na múinteoirí, cuirim i gcás, a bheidh ag roinnt a gcuid saineolais ná Nell Ní Chróinín, Edel Fox agus Liam O’Connor. Cloisfear cuid de na múinteoirí, mar aon le Cór Chúil Aodha, buaiteoir Chorn Uí Riada na bliana seo Máire Ní Chéilleachair, Diarmuid Ó Meachair agus Peadar Ó Riada i measc neart eile. Tá Aifreann, recital agus seisiún ceoil na féile ar an gclár chomh maith. Déanfaidh sé ana-dheireadh seachtaine i gCúil Aodha agus Baile Bhuirne! 

Ómós do Phádraig Ó Snodaigh, Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge, Dé Sathairn, 1 Nollaig @ 16:00

Léireofar ómós don bhfoilsitheoir agus scríbhneoir Pádraig Ó Snodaigh ag ócáid a bheidh ar bun i Siopa Leabhar Chlub an Chonartha Dé Sathairn seo chugainn, i lár an lae. 

Is iad Conradh na Gaeilge agus An Siopa Leabhar atá i mbun na hócáide seo, ag a seolfar saothar leis an bhfear é féin. ‘Ag Druidim le 80’ teideal cnuasach fairsing filíochta dá chuid, agus is faoi Phádraig Mac Fhearghusa a bheidh an cúram sin. Labhróidh sé féin agus cara leis, bean a raibh baint nach beag aici leis an gConradh, macasamhail Phádraig, sin í Íte Ní Chionnaith. Beidh fíon agus blaisíní beaga ar fáil chomh maith!

Imeachtaí sa Chultúrlann i mBéal Feirste

Paddy Glackin agus Robbie Hannan, Dé Sathairn, 1 Nollaig @ 15:00

Lá Teaghlaigh na Nollag, Dé Domhnaigh, 2 Nollaig @ 12:00

Draoithe an cheoil, Paddy Glackin agus Robbie Hannan, an bheirt a bheidh le clos i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i rith an lae amárach, do choirm bheag i lár an lae. Beidh fear na fidle agus fear na bpíob faoi seach ag cur siamsaíocht ar fáil don slua óna 3 pm. 

Ar an nDomhnach beidh Lá Teaghlaigh na Nollag ar bun! Lá spraíúil, draíochtúil atá geallta do chlanna, le ceardlanna ealaíne, scannáin agus fiú cuairt ón bhfear é féin, Daidí na Nollag ar chlár an lae! Ní hamháin sin, ach cloisfear carúil na Nollag ó Chór Loch Lao agus lasfaidh an buachaill óg ó iarthar Bhéal Feirste, Dáithí Mac Gabhann, atá lárnach sa bhfeachtas ‘Is Deontóir mé’ i láthair na huaire, na soilse Nollag. Beidh margadh na Nollag ar an láthair agus scaitlín fíona le fáil ón gcaife Bia sa Chultúrlann! 

Oíche na Gaeilge, The Grand Social i mBÁC, Dé Céadaoin, 5 Nollaig @ 19:00

Tá an Pop Up Gaeltacht againn agus ag éirí go seoigh leis le dhá bhliain anuas. Tá ócáid eile rialta tagtha chun cinn anois áfach  — ‘Oíche na Gaeilge’ atá mar theideal air agus bíonn sé ar siúl sa Grand Social gach Céadaoin. Imeacht atá ann do dhaoine chun roinnt Gaeilge a labhairt lena chéile. Bíonn ceol le clos chomh maith ó Chumann Ceoil Thraidisiúnta Choláiste na Tríonóide. Má ordaíonn tú deochanna faoi leith as Gaeilge, tabharfar lascaine duit!! Ana-mhargadh! Sláinte.

SCÉALTA EILE