‘Oíche na Seanbhliana’, ‘Oíche Chinn Bliana’, ‘Oíche na Coda Móire’ – is iomaí ainm atá ag na Gaeil ar an lá seo, an 31 Nollaig. Is iomaí traidisiún agus nós a bhí ag na Gaeil don lá áirithe seo, lá a fhágtar slán leis an mbliain atá díreach imithe tharainn agus a chuirtear fáilte roimh an mbliain atá ar an tairseach. Déantar ceiliúradh ar fud an domhain ar an oíche seo agus dála gach rud eile anois bíonn cuid mhaith den cheiliúradh sin faoi anáil an mhéid a fheiceann muid ar an teilifís agus sna scannáin, ach tá an tobar seanchais ar Dúchas.ie lán go béal le nósanna Nollag agus athbhliana. Seans maith go n-aithneoidh tú cuid de na traidisiúin seo!
Oíche na Coda Móire
Tugtar Oíche na Coda Móire ar an 31 Nollaig i gceantair áirithe Ghaeltachta fós. Cheaptaí gur chomhartha a bhí i rud ar bith a tharlódh ar Oíche na Seanbhliana den mhéid a bhí le teacht sa chéad bhliain eile. Dá ghaire do bhuille an mheán oíche a tharlódh rud, is ea is mó seans go mbeadh tionchar aige ar a raibh i ndán don teaghlach sa mbliain amach rompu. Bhí cuimhní an Drochshaoil go mór in inchinn na ndaoine agus faitíos orthu roimh an ngorta. Chuige sin, d’ití béile mór groí ar an 31 Nollaig leis an ngorta a chur ó dhoras.
Dhéantaí fíon den uisce
D’fhágtaí crúiscín, buidéal nó fiú gloine uisce ar an mbord Oíche Chinn Bliana agus súil ag muintir an tí go ndéanfaí fíon de thar oíche. Deirtí go ndéantaí fíon den uisce ar bhuille an mheán oíche. In áiteanna eile sa tír, chreidtí gurbh é an t-uisce sa tobar a d’iompaítí ina fhíon. Fainic! Féadfaidh tú féin triail a bhaint as seo ach deirtí go mbainfeadh mí-ádh don té a dhéanfadh iarracht an mhíorúilt a fheiceáil. Tá scéal ann i dTír Chonaill faoi bhean óg a chuaigh amach ag meán oíche chuig an tobar ag béal an bhóithrín leis an bhfíon a bheadh istigh ann a fháil. Níor tháinig sí abhaile, agus an lá arna mháireach bhí gallán ina sheasamh (nó ina seasamh!) in aice an tobair nach raibh ann cheana. Ní fhacthas an bhean óg arís choíche.
Chaití builín leis an doras
Thugtaí builín aráin don duine ab óige sa teach Oíche Chinn Bliana agus chaitheadh an té sin an builín leis an doras trí huaire. Nuair a bheadh na trí bhuille buailte, bhaineadh an duine ab óige plaic as an mbuilín. Dála ‘Oíche na Coda Móire’, baineann an nós aisteach seo leis an bhfaitíos a bhíodh ar na daoine roimh an ngorta agus chreidtí go gcoinneofaí ó dhoras é dá ndéanfaí an gnás seo.
D’osclaítí na fuinneoga nó na doirse
Chreidtí go gcaithfí an tseanbhliain, agus pé olc a bhain léi, a scaoileadh saor ón teach. In áiteanna áirithe sa tír, d’osclaítí gach fuinneog sa teach cúpla nóiméad roimh bhuille an mheán oíche le go n-éalódh an bhliain. In áiteanna eile sa tír, chreidtí go n-imeodh an tseanbhliain amach an doras cúil agus go dtiocfadh an bhliain nua isteach an doras tosaigh. Chuige sin, d’osclaítí an doras cúil agus an doras tosaigh ag an am céanna, cúpla nóiméad roimh bhuille an mheán oíche – chuireadh daoine áirithe ‘an ruaig’ ar an tseanbhliain trí shiúl amach an doras cúil ina diaidh agus chuireadh siad ‘fáilte’ roimh an mbliain nua trí í a thionlacan tríd an doras tosaigh.
Lastaí coinnle sa teach
Chreidtí go n-inseodh na coinnle a gcuid faoin mbliain a bhí le teacht in áiteanna áirithe sa tír. Lastaí na coinnle sa tráthnóna agus choinnítí súil ghéar orthu sna uaireanta an chloig anuas go buille an mheán oíche. Droch-chomhartha a bheadh ann don bhliain nua dá múchfadh an ghaoth nó rud eile an choinneal, dá ndófadh sí cam, nó dá silfeadh sí an chéir leáite. Chreideadh daoine áirithe gur comhartha báis a bhí sa choinneal mhúchta.
Níl sa mhéid thuas ach blaisín beag na traidisiúin, nósanna agus seanchas na nGael maidir le hOíche na Seanbhliana. Is féidir tuilleadh a fhoghlaim ach cuardach a dhéanamh ar Dúchas.ie. Athbhliain faoi mhaise dár léitheoirí go léir!