Oíche na Seoltaí

Beidh Pauline Scanlon, amhránaí clúiteach, agus an scannánóir Philip King i measc na n-aíonna ag seoladh oifigiúil Tunes in the Church agus scoil nua ealaíon, Airt, i Séipéal Úinitéireach Bhaile Átha Cliath ag a 6in anocht.

Den chéad uair, tá sraith cheolchoirmeacha traidisiúnta an tsamhraidh, Tunes in the Church, atá á reáchtáil i nGaillimh le sé bliana anuas, á tabhairt go dtí an phríomhchathair.

Beidh na ceolchoirmeacha i mBaile Átha Cliath bunaithe ar an choincheap chéanna le Tunes in the Church i nGaillimh, a mhínigh Cormac Ó Beaglaoich, ceoltóir aitheanta agus fiontraí óg a bhunaigh Tunes in the Church agus, le deireanas, Airt.

cormac a haon

Ceolchoirmeacha neamhfhoirmiúla iad Tunes in the Church a mbíonn ceoltóirí ag caint agus ag ceol ar a suaimhneas ann.

“Ceoltóirí óga atá ag teacht i réim a bheidh le clos sa chéad leath den cheolchoirm agus beidh ceoltóirí aitheanta i mbun ceoil sa darna leath,” arsa Cormac.

Bíonn Tunes in the Church i nGaillimh ag dul ó neart go neart gach bliain agus is minic a bhíonn sé luaite ar an chuid is fearr de shiamsa na cathrach ag Trip Advisor.

Anuas ar na ceolchoirmeacha rialta i Séipéal San Nioclás, Gaillimh, a bheas ar siúl ón Luan seo chugainn ar aghaidh, beidh 30 ceolchoirm á reáchtáil sa Séipéal Úinitéireach san ardchathair oíche Aoine, Shathairn agus Dhomhnaigh ó lár mhí an Mheithimh go deireadh mhí Lúnasa.

Beidh Pauline Scanlon i measc na gceoltóirí a bheidh i láthair ag an seoladh anocht, agus déanfaidh Philip King, scannánóir clúiteach, Airt a sheoladh.

Scoil nua ealaíon is ea Airt a bunaíodh le déanaí agus a chuireann cúrsaí seachtainiúla sna healaíona ar fáil i gcaitheamh na bliana i gcroílár Ghaeltacht Chiarraí.

Is focal Albanach é Airt a chiallaíonn ‘treoir’ nó pointe ar chompás. Beidh cúrsaí Airt ag díriú ar ealaíona éagsúla, rince, damhsa, ceol agus cniotáil san áireamh.

Airt

Tá teagascóirí aitheanta luaite ar chlár na gcúrsaí ag Airt, ina measc Lisa O’Neill, Liam Ó Maonlaí, John Spillane, Caoimhín Ó Raghallaigh, Emma O’Sullivan agus Pauline Scanlon.

“Is é an smaoineamh ná go mbeidh ardealaíontóirí á dtabhairt anuas go Corca Dhuibhne agus deis á tabhairt do dhaoine ar suim leo foghlaim uathu déanamh amhlaidh agus sult a bhaint as a bhfuil sa cheantar chomh maith.”

I dtimpeallacht chruthaitheach, fháilteach á bhíonn cúrsaí Airt á reáchtáil, le bia agus lóistín den chéad scoth.

“Is togra é Airt atá go maith do gach éinne atá páirteach ann. Dos na daltaí, tá siad ag teacht go dtí ceantar álainn, tá siad ag foghlaim ó mhúinteoirí den scoth, tá múinteoirí ag fáil seachtain oibre agus iad íoctha go maith as, tá daoine ag fanacht i dtithe áitiúla agus tá sé ag tacú leis an gceantar.”


Cliceáil an cló dubh le tuilleadh eolais a fháil faoin oíche anocht agus faoi Airt.

SCÉALTA EILE