Bliain eile, oíche eile san Óstán Gleneagle ar imeall Chill Airne do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais. Cuireadh fáilte roimh aíonna na hoíche le gloiní fíona, méaróga bia agus seit fá choinne grianghrafadóireachta san Airéine INEC ag tús na hócáide. I ndiaidh na mbeannachtaí agus na mionchainte, tugadh an scaifte isteach san amharclann phlódaithe mar is gnáth.
Chuir Páidí Ó Lionáird tús leis an oíche bhronnta ach ní shílim gur chuir sin deireadh leis an slogadh fíona i rith na hócáide (Orm féin atá mé ag caint). Gradam Speisialta é an chéad ghradam a bronnadh aréir. Ghlac tuairisc.ie an gradam abhaile leo agus thug Pádraic Ó Ciardha agus Méabh Ní Thuathaláin óraidí galánta. B’éigean do Phádraic an t-ardán a dhreapadh an dara huair nuair a bhain sé féin an Gradam Iriseoir na Bliana as ucht a chuid oibre ar Tuairisc.
Dar ndóighe, taispeánadh gearrthóga de gach clár nó scannán a ainmníodh do na gradaim ábhartha. Chonacthas beirt pháistí ag triall ar an zú agus ag foghlaim faoi mhoncaithe agus ainmneacha Gaeilge ar M’Ainm Mo Scéal le Ronin Films, a bhain Sraith Teilifíse na Bliana do Dhaoine Óga, agus d’fhoghlaim muid faoi shaol agus faoi thuras Mary in Viva Mary le Rúnda Productions, a bhuaigh Clár / Scannán Teilifíse na Bliana.
Bhain Máirín Ní Ghadhra an Gradam Sraith Raidió na Bliana as a clár, An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Sheas an scaifte go léir agus thug bualadh bos di nuair a ghlac sí leis an lóchrann aitheanta sin.
Bhuaigh Kneecap an Gradam Scannán na Bliana. Ní féidir a shéanadh go bhfuil obair na gcapall déanta ag na leaids ar an cheol, ar an scannán, agus ar chur chun cinn na Gaeilge cé nach ndéarfadh siad féin gur rogha choinsiasach í sin. Caithfidh mé a rá, áfach, go bhfuil gach cuma ar an scéal go bhfuil roinnt Gaeilgeoirí in amhras go fóill faoi theachtaireacht na mbuachaillí.
Iontas suntasach a bhí ann do phobal seanbhunaithe na Gaeilge nuair a scrios an triúr achan ‘riail’ a bhain leis an Ghaeilge — seachas ‘caol le caol’ — in 2018. Fán am seo, is deacair a chreidbheáil go bhfuil duine ar bith ann a chaithfeadh anuas ar na leaids as an obair, ach is ann dóibh fós, agus is léargas é sin ar na constaicí atá os comhair na teanga go fóill i dtaobh a híomhá ghlan íon a chosaint.
Agus topaic an ‘dul chun cinn’ á plé agam, tá deis iontach ag an Oireachtas tuilleadh a dhéanamh chun an Ghaeilge, agus léi, na hócáidí galánta spleodracha a uasdátú. Bronnann an tOireachtas gradaim ar dhaoine agus ar chláracha teilifíse agus raidió, ach an éisteann gach cainteoir Gaeilge leis an raidió nó an amharcann siad ar an teilifís chomh minic sin agus a d’éisteadh siad? Ar na saolta seo, is mó a chluineann tú i measc an aosa óig faoi phodchraoltaí, ábhar físe ar na meáin shóisialta amhail TikTok nó sraitheanna físeán YouTube. Tá a leithéidí ann i nGaeilge — cén fáth nach dtugtar aitheantas daofa?
Is í an óige an todhchaí agus má tá todhchaí gheal don Ghaeilge uainn, ba cheart dúinn na daoine óga a thabhairt isteach anois!
Ag deireadh na hoíche, bronnadh an Buaic-Ghradam Cumarsáide ar Alan Esslemont. Déarfainn go ndeachaigh a óráid i gcion ar fhórmhór an scaifte. Chun fiche focal a chur in aon fhocal amháin, creideann sé go bhfuil sárobair á déanamh ag pobal na Gaeilge sna meáin agus gur cheart dúinn a bheith bródúil as, ach go bhfuil cúrsaí maoinithe stáit ar cheann de na constaicí is mó i gcoinne dul chun cinn na Gaeilge.
Seo thíos liosta de na Gradaim agus na buaiteoirí ar fad ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtas 2024:
Gradam Speisialta: Tuairisc.ie
Sraith Teilifíse na Bliana do Dhaoine Óga: M’Ainm Mo Scéal, Ronin Films
Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála: Splanc, Newstalk
Clár / Scannán Teilifíse na Bliana: Viva Mary, Rúnda Productions
Iriseoir na Bliana: Pádraic Ó Ciardha, Tuairisc.ie
Pearsa Raidió na Bliana: Micheál Ó Tuathail, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Sraith Teilifíse na Bliana: Ag Triall ar an Tobar, Midas Productions
Colúnaí na Bliana: Siún Ní Dhuinn, RTÉ Gaeilge
Sraith Raidió na Bliana: An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Pearsa Teilifíse na Bliana: Aoife Ní Thuairisg
Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail: Aiteall, Raidió Pobail Chonamara
Craoltóir Solabhartha na Bliana: Michelle Nic Grianna, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Scannán na Bliana: Kneecap, Fine Point Films, Mother Tongues Films, TG4, Wildcard
Réalta Óg na Bliana: Aisling Ní Dhonnabháin, Raidió Rí-Rá
Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais: Alan Esslemont