O’Loughlin, Flanagan agus Murray…

Seoladh an albaim Last Night’s Joy, The Spiritstore, Co. Lú, Dé hAoine, 12 DF @ 18:00

Scoil Cheoil na Botha, Muineachán, Dé Sathairn, 13 DF @ 13:30

Bewley’s @6!, Bewley’s, Sráid Grafton, Déardaoin, 18 DF @ 18:00

Beidh fáilte mhór thar n-ais roimis an tsraith Bewley’s @Sé! Ócáid thaitneamhach a eagraíonn Gael Linn uair sa mhí atá i gceist agus a bheidh ag filleadh an séasúr seo ar ionad nuachóirithe theideal na sraithe, Bewley’s ar Shráid Grafton. Is é an fidléir iomráiteach Gerry O’Connor agus a bheirt mhac ceolmhar, Feilimí agus Finian, a bheidh ina n-aíonna Déardaoin beag seo. 

Beidh ceiliúradh á dhéanamh acu i bhfochair an tslua ar leabhar nua Gerry, The Rose in the Gap – Dance Music of Oriel from the Donnellan Collection, mar aon lena dhlúthdhiosca úr chomh maith, Last Night’s Joy. Beidh beár an ionaid ar oscailt ar an oíche agus moltar, mar is iondúil, áirithint a dhéanamh chun do spás a chinntiú.

Dála an scéil, má bhíonn tú i nDún Dealgan tráthnóna (12 DF), seolfar an t-albam céanna sin sa Spiritstore agus beidh Gerry ag Scoil Cheoil na Botha i gcaitheamh an lae Dé Sathairn, i Contae Mhuineacháin!

 

 

Ceol le O’Loughlin, Flanagan agus Murray, an tIonad Cultúrtha, Baile Bhuirne, Dé hAoine, 12 Deireadh Fómhair @ 20:30

Beidh ceol arís an deireadh seachtaine seo ó dheas i gCorcaigh in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh mar go mbeidh na fidléirí Claire O’Loughlin, Liam Flanagan agus an giotáraí Jim Murray ag soláthar na siamsaíochta do lucht an fhreastail. Imeachtaí den gcéad scoth seachtain i ndiaidh seachtaine ag an dream seo, agus moladh mór tuillte acu! Go n-éirí go geal leo an Aoine seo agus le hócáidí eile Chlár an Fhómhair, a d’fhógair siad le déanaí.

Pop Up Gaeltacht, Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, Dé hAoine, 12 DF @ 21:00 

Chuir @popupgael giolc thar a bheith úsáideach in airde le déanaí, ag insint dúinn faoin leagan uatha, iolra, ginideach agus fiú an t-alt atá in úsáid acu féin nuair a thagann sé chuig An bPop Up!

Mar sin…. beidh lucht na Pop Uipe ag bualadh le chéile i gCluain Dolcáin anocht!

Beidh Ciorcal Comhrá ar siúl ar feadh uair an chloig óna 8-9 pm agus ina dhiaidh sin beidh deis ann a bheith i gcomhluadar na nGael, cúpla deoch a ól agus labhairt leo siúd a bheidh i láthair (cuma cén caighdeán Gaeilge atá agat nó acu!). Sin dáta mhí Dheireadh Fómhair, beidh teacht le chéile dá mhacasamhail sin ar bun ar an 9 Samhain agus an 14 Nollaig chomh maith. Tá siad eagraithe!

The Potter’s Book, seoladh leabhar nua Louis Mulcahy, Siamsa Tíre, Trá Lí, Dé Domhnaigh, 14 Deireadh Fómhair @ 17:00

Tá leabhar nua filíochta curtha le chéile ag an bhfile, fear gnó agus potadóir Louis Mulcahy. The Potter’s Book an teideal atá air, an ceathrú cnuasach uaidh, a thugann éachtaint don léitheoir ar chaoga bliain de bheith ag obair le cré. Obair a bhí ar bun ag go leor roimhe, ó aimsir na réamhstaire go ré an Bhíobla, agus an file ag trácht air seo ina shaothar. Saothar atá léite ag Paddy Bushe, Ailbhe Ní Ghearbhuigh is scata eolach, aitheanta eile, atá tar éis teistiméireachtaí dearfacha faoin bhfilíocht sa leabhar seo a thabhairt. Is é an tOllamh Graham Allen ó Roinn an Bhéarla i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, a sheolfaidh é Dé Domhnaigh seo chugainn i Siamsa Tíre, Trá Lí. Doire Press a d’fhoilsigh.

Ranganna Líonóile, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Luain, 15 DF @ 19:00

Óóóó ba mhaith liom a bheith i mBéal Feirste an Luan seo chugainn agus gach Luan as seo go ceann sé seachtaine, mar go mbeidh cúrsa ealaíne ar bun ann. Díreoidh na ranganna seo ar líonóil agus conas í a láimhseáil sa tslí gur féidir leat an méid is mó a bhaint aisti, agus ealaín á cruthú agat. Neostar dom go mbeidh na ranganna seo réchúiseach agus taitneamhach ach fiúntach mar sin féin agus modhanna nua oibre á bhfiosrú le do chuid scileanna cruthaíochta a fhorbairt. Is sa Chultúrlann a bheidh na ranganna dátheangacha seo ar bun agus is féidir leat d’áit a chinntiú ach an nasc seo a leanúint.

Takin’ the Mic, oíche ‘open mic’, mar chuid den Red Line Book Festival, Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Dé hAoine 12 Deireadh Fómhair @ 20:00

Tá Red Line Book Festival ar siúl faoi láthair i ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus tá ‘Takin’ the Mic’ speisialta á eagrú ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann mar chuid den bhféile.

Is é Marcus Mac Conghail a bheidh ina óstach ar an imeacht dátheangach seo a bheidh ar siúl sa Cherrytree Pub i mBaile Bhailcín ar an Aoine 12 Deireadh Fómhair. Déarfaidh sé féin, Sarah Clancy, David Butler agus Henrietta McKervey dánta mar chuid den oíche filíochta is tá open mic i gceist chomh maith. Tosnaíonn sé ag a hocht agus tá saorchead isteach.

https://irishwriterscentre.ie/products/takin-the-mic-at-red-line-book-festival

SCÉALTA EILE