Tá os cionn leath an airgid atá ag teastáil leis an bhféile Liú Lúnasa, a bheidh ag tosú amárach i mBéal Feirste, a reáchtáil bailithe ag lucht na féile ar an leathanach sluamhaoinithe a cuireadh ar bun an tseachtain seo caite.
Seo í an ceathrú bliain do Liú Lúnasa a bheith ar siúl in iarthar Bhéal Feirste agus tá clár na bliana seo níos mó ná mar a bhí riamh cheana. Deir lucht eagraithe na féile, áfach, nach bhfuarthas an maoiniú a rabhthas ag súil leis agus gurbh éigean dul i muinín an phobail arís i mbliana agus sluamhaoiniú a lorg.
Tá £830 den £1,500 atá ag teastáil cruinnithe ar an leathanach Go Fund Me anois agus lucht na féile sásta go sárófar an sprioc faoi dheireadh na féile ag an deireadh seachtaine. Tá costais na bliana seo níos troime ar lucht a heagraithe mar gheall ar dhuaiseanna móra a bheith ar fáil sa gcomórtas slam filíochta agus ceolchoirm saor in aisce a bheith ar siúl mar chuid den fhéile.
Tá cúig lá d’imeachtaí beartaithe don fhéile, agus íoctar gach ealaíontóir, ceoltóir agus oibrí a bhíonn ar an ardán nó ag obair ann. Caithfear an t-airgead a bhailítear ar an leathanach Go Fund Me ar na híocaíochtaí sin freisin.
Beidh an grúpa ceoil Feirsteach KNEECAP ag seinm sa Blackbox mar chuid den fhéile, chomh maith le Emma Ní Fhíoruisce, as Gaoth Dobhair, Lauren Ní Chasaide, as Baile Átha Cliath, agus Síomha, a bheidh ag seinm ag Electric Picnic ag tús na míosa seo chugainn.
Anuas ar an gceol, tá clár leathan leagtha amach ag lucht eagraithe na féile agus imeachtaí ar siúl do dhaoine de chuile aois ar feadh na gcúig lá a bheidh Liú Lúnasa ar siúl in iarthar Bhéal Feirste.
Beidh Sinéad Ní Uallacháin na hirise seo ina bean tí ag comórtas Slam Filíochta a bheidh ar siúl sa gCultúrlann Dé hAoine, 24 Lúnasa, agus Séamus Barra, Réaltán Ní Leannáin agus Seán Ó Muireagáin ina moltóirí air. Tá líon teoranta spásanna ann sa gcomórtas seo agus ní mór d’fhilí a bhfuil dán nuachumtha de ghlanmheabhair acu clárú leis an gcomórtas roimh ré. Tá £500 agus ticéad do Electric Picnic le buachan mar phríomhdhuais ann.
Beidh dhá phlé painéil ann mar chuid den fhéile freisin, ceann a dhíreoidh ar ‘Phobail Laistigh de Phobal’, ag a mbeidh gníomhaithe Gaelacha ó mhionphobail éagsúla taobh istigh de phobal na Gaeilge. Beidh Cúnla Morris, leispiach neamhdhénártha as BÁC, Ola Majekodunmi, láithreoir ó Raidió na Life a thuill moladh le deireanas dá físeán What does ‘Irishness’ look like?, agus Seán Ó Ceallaigh, gníomhaí aiteach as Béal Feirste ar an bpainéal sin.
Tráthnóna Dé Sathairn, siad Grian Ní Dhaimhín, Réaltán Ní Leannáin agus Lisa Nic an Bhreithimh a bheidh ar an bpainéal agus ‘An chéad chéim eile don fheimineachas in Éirinn’ á phlé acu. Díreoidh caint na mban ar a bhfuil bainte amach go dtí seo ag mná na hÉireann agus na rudaí atá fós le baint amach, sa Tuaisceart agus ó dheas.
Tá clár iomlán na féile, ar a bhfuil imeachtaí do theaghlaigh, seoltaí leabhar, tuilleadh ceoil agus imeachtaí eile nach iad ar fáil ar shuíomh Liú Lúnasa chomh maith lena leathanaigh ar na meáin shóisialta.