Oscailt Raidió na Life agus ceithre imeacht eile


Seoltaí leabhar, Áras Chrónáin, Dé hAoine, 23 Márta @ 19:00
Is faoi Ollamh Emeritus UCC, Alan Titley, scríbhneoir agus fear ildánach, a bheidh an cúram an leabhar Logainmneacha Dhún Chaoin a sheoladh in Áras Chrónáin an Aoine seo. Tá an leabhar seo bunaithe ar thaighde a dhein Éamonn Ó hÓgáin agus John Kennedy ar logainmneacha na háite sin i gCorca Dhuibhne. I gCluain Dolcáin san ionad céanna, ar an oíche chéanna a sheolfaidh Éamonn Ó hÓgáin leabhar atá curtha in eagar ag Claire Lyons, darb teideal Scéalta agus Filíocht ó na Maidineacha Caifé. Beidh siamsaíocht agus sólaistí ar fáil i gcaitheamh an tseolta! Má tá fonn ort bheith ann, bí cinnte teagmháil a dhéanamh le eolas@araschronain.ie

Pop Up Gaeltacht Chorcaí, Tábhairne Larry Tompkins, Cé Lavitts, Corcaigh Dé hAoine, 23 Márta @ 20:00
Beidh lucht labhartha na Gaeilge ag teacht le chéile tráthnóna amárach d’ócáid mhíosúil an Pop Up Gaeltacht i gcathair Chorcaí. Larry Tompkins ainm an tigh tábhairne atá piocaithe do mhí an Mhárta, agus mar is gnáth, beidh fáilte chroíúil rompu siúd ar fad a mbeadh suim acu freastal air, agus roinnt Gaeilge a labhairt!
Sí teanga bhinn ár sinsear í, An chaint is milse glór: Ó labhair an teanga Ghaeilge liom, Is bain dem’ chroí an brón!

 

Ceardlann Earraigh, ionaid éagsúla i gCill Dara, 23–24 Márta
Tiocfaidh plúr na gceoltóirí le chéile i gCill Dara sna laethanta romhainn, do shraith ócáidí a dhíreoidh ar an gceol traidisiúnta. Tá liosta le háireamh d’oirfidigh lena n-aghaidh a thabhairt ar an gcontae d’ócáid bhliantúil atá ar an bhfód le 21 bliain. ‘Ceardlann an Earraigh’ teideal na féile, agus ba iad lucht Chomhaltas Ceoltóirí Éireann a bhunaigh an chéad lá riamh í.

Sraith imeachtaí ceolmhara atá i gceist leis seo, le seisiúin, ceardlanna agus coirm ar chlár an deireadh seachtaine. Mar chuid de choirm mhór an imeachta, beidh Liam O’Connor, Ciarán Ó Maonaigh, Caitlín Nic Gabhann, Conal Ó Gráda agus Dáithí Gormley ag tabhairt faoin ardán le siamsaíocht a sholáthar don lucht éisteachta, mar aon le James Harvey, Cormac Breatnach, Colm Murphy agus Caoimhín Ó Fearghail. Gheobhaidh sibh gach eolas i dtaca leis seo ar ceardlannearraigh.com
Go n-éirí go geal leis!

Julie Jay, Alison Spittle agus Ronan Grace, Tábhairne McCarthy’s, an Daingean, Dé Sathairn, 24 Márta @ 20:00
Is fearr gáire ná gol! Sin a deirtear agus sin díreach ceann de mo mhanaí agus mé ag tabhairt faoin saol seo! Beidh gáire go leor sa Daingean an Satharn seo, nuair a bheidh triúr fuirseoirí le feiscint i mbun aicsin! Is i dtábhairne McCarthy’s a bheidh Alison Spittle, Ronan Grace agus bean de bhunadh na háite, Julie Nic Eoin, nó Julie Jay, mar is fearr aithne uirthi i saol an ghrinn. Bheadh cur amach, déarfainn, ag léitheoirí NÓS ar Julie, a bhíonn go minic le feiscint mar chuid de mheitheal GhaelGÁIRÍ, agus í ag taisteal na tíre leo!

Oscailt nua stiúideonna Raidió na Life, Raidió na Life, 63-66 Sráid Amiens, Dé Céadaoin, 28 Márta @ 19:00
An craoltóir Cormac Ó hEadhra a osclóidh stiúideonna nua Raidió na Life go hoifigiúil Dé Céadaoin seo chugainn! Sea tá oifigí Fhoras na Gaeilge athlonnaithe go Sráid Amiens agus Raidió na Life dá bharr bogtha chomh maith. Tá cuma álainn ar na stiúideonna nua, bhí an t-ádh liom go raibh deis agam iad a fheiscint le déanaí, glac uaim é, táid snasta agus cóirithe go breá! Ní hamháin sin, ach beidh ceol ó Inni-K agus a banna ceoil le clos le linn na hócáide, mar aon le scailtín fíona agus scroid! Le bheith i láthair, ní mór nóta a sheoladh chuig muiris@raidionalife.ie

SCÉALTA EILE