Pan-Cheiltigh i mbun spraoi

siamsa-rnag


SIAMSAÍOCHT: Féile Phan-Cheilteach, Doire / Inniu go 12 Aibreán

Tá an Fhéile Phan-Cheilteach ar siúl an tseachtain seo i nDoire, agus cé go bhfuil trí lá caite cheana féin, tá go leor eile imeachtaí fós le teacht idir seo agus an Domhnach.

Beidh comórtais cheoil ar bun inniu agus amárach – comórtas fidle, cruite, píobaireachta agus rince.

Is i gCultúrlann Uí Chanáin a bheidh siad seo ar siúl.

Sa tSeaneaglais (Glassworks) a bheidh Comórtas na gCór maidin amárach, agus cóir ó na náisiúin Cheilteacha ar fad páirteach ann, mar aon le réimse leathan aoisghrúpaí ag glacadh páirte.

Dhírigh Club na Féile ar náisiún faoi leith le cúpla oíche anuas – Kernow, Breizh agus Manainn.

Díreofar aird ar lucht Cymru anocht le taispeántas ó chóir, cláirseoirí, ceoltóirí aonaracha agus rinceoirí i bhfeistis ag Club Breatnach na Féile.

Ar an Satharn ansin beidh béim á leagan ar chultúr Ghàidhlig na hAlban.

Bígí ag faire amach do ghrúpaí eile ceoil timpeall na cathrach chomh maith, ina measc beidh Krista Detor; Cúnla; Balkan Alien Sound; Sara Watkins, Sarah Jarosz (thuas) agus Aoife O’Donovan.


aine-heslin

CEOL: Áine Heslin, Kilshanny House, Cill Seanaigh, Co. an Chláir / Anocht, 8in

Táim thar a bheith tógtha le dlúthdhiosca an cheoltóra Áine Heslin.

The Tunes Foundry atá mar theideal air agus ceol traidisiúnta atá cumtha aici féin atá le clos ann.

Tá seachtar eile ag seinnt ina teannta air, Shane Hayes, Graham Dunne, Brian O’ Grady, Dave Keary, Máire Breatnach agus a fear céile, Matt Heslin.

Beidh sí i láthair le ceiliúradh a dhéanamh ar lainseáil an albaim, anocht i gcontae an Chláir i dTigh Chill Seanaigh.


sean-gnostics

CEOL: Seoladh albaim ‘Geantraí, Goltraí’, Riverbank Café, An Sciobairín / Anocht, 7:30in

Seo dlúthdhiosca nár tháinig sa phost chugam ach inniu.

Geantraí, Goltraí is teideal don albam nua le Paul Ó Colmáin, air a bhfuil sé féin agus Na Sean-Gnóstics (thuas) ag ceol.

Táim tógtha leis go nuige seo ach gan éisteacht cheart tugtha agam dó go fóillín.

Is sa Sciobairín i gCorcaigh a bheidh sé á sheoladh tráthnóna i gCaifé Riverbank.


mary-mac-namara

CEOL: Consairtín, Inis, Co. an Chláir / 10-12 Aibreán

Déanfar ceiliúradh ar uirlis fé leith cheoil ag an deireadh seachtaine in Inis – an consairtín!

Tá comhdháil na huirlise faoi lán seoil faoi láthair ach osclófar go hoifigiúil é tráthnóna anocht ag 7in.

Is faoin gceoltóir Mary MacNamara (thuas) a bheidh an cúram sin.

Tá cuid mhaith ceoltóirí luaite leis an deireadh seachtaine, ina measc Mícheál agus Macdara Ó Raghallaigh, Michelle O’Sullivan, Áine O’Connor, Caitlín Nic Gabhann agus Edel Fox – mar cheoltóirí agus mar mhúinteoirí.

Amárach a bheidh ranganna ceoil ar siúl, múinfear conas aire cheart a thabhairt don uirlis, agus beidh deis ann freastal ar rang Gaeilge chomh maith.

Ceol atá geallta gach aon oíche le seisiúin faoi leith i gcaitheamh an deireadh seachtaine, a bheidh lonraithe le solas na gcoinnle.


Tá na buaicphointí siamsa seo á gcur i láthair in éineacht leis an gclár Cormaic ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craoltar an mhír shiamsaíochta ar an gclár gach Aoine.

SCÉALTA EILE